Grá don Ghaeilge ag teacht in uachtar ar an aineolas

Concubhar Ó Liatháin

Cá mhéad uair atá pictiúr dubh agus bán de sheanbhean liath ina suí ar stól trí chosach cois tine i seanteach den chineál nach bhfeicfeá in iris ‘Ideal Homes’, cá mhéad uair atá sé sin le bheith ar bharr scéil ar shuíomh nuachta nó ar leathanach nuachtáin?

De ghnáth is scéal é ag fógairt éadochas an cholúnaí i leith na Gaeilge, ag caoineadh uiscí a chinn faoin dochar, dar leis nó léi, atá déanta ag leithéidí Peig d’fhoghlaim na Gaeilge, gur cheart fáil réidh le riachtanas na Gaeilge don Ardteist agus béim a chur ar Ghaeilge labhartha.

Níl ansan ach an tús.

Tá siad ann a deir go bhfuil ‘Taliban Teanga’ – tusa a léann Gaeilge agus mise a scriobhann sa teanga i bhfírinne – ag lot pé seans atá ag an teanga bheith leath-bheo sa ré seo.

Tá siad ann a deir nach fiú bheith ag lorg cosaint oifigiúil don teanga mar nach féidir le reachtaíocht oibrithe an státchórais a chur ag plé i nGaeilge le daoine ar mhaith leo go ndéanfaí riar orthu i dteanga oifigiúil an stáit.

Tá siad ann a deir gur cheart ná mbeadh Gaeil ar an dteilifís agus ar an raidió chomh saibhir ina gcaint nó ní chuidíonn sin le foghlaimeoirí – agus tá siad ann freisin nach bhfuil siad cruinn nó beacht a dhothain sa ghramadach… leanann an liodán leisciúil leibideach.

Agus is í íomhá Pheig bhocht a mbaintear feidhm as leis an scéal seo a chur ina luí orainn.

Bean atá marbh le breis is leathchéad bliain agus a bhfuil a beathaisnéis bailithe lei ó chúrsa na hArdteiste le scór bliain ar a laghad.

Is púca í Peig a bhfuil a híomhá á húsáid chun an teanga a imeallú ó lár aonaigh na sochaí.

Íomhá úsáideach é a dhéanann éagóir ar Pheig gan amhras nó ní raibh a léargas ar an saol leath chomh gruama is ar tugadh le fios i leabhar a ndearna an Roinn Oideachais cinsireacht ghéar air le haon blúirín den ghreann is den ghairsiúlacht a bhaint as an téacs.

An rud eile a léiríonn an spleáchas seo ar shean-íomhánna ar nós ghriangraf Pheig ina cistin ná go bhfuil an cath caillte ag na colúnaithe seo.

Tá a n-ionsuithe gan samhlaíocht agus gan éifeacht agus ní éireoidh leo an Ghaeilge a chur faoi chois.

Tharla sé roimhe le Kevin Myers – ainm, b’fhéidir, atá chomh caillte sa seanaimsir is atá ainm Pheig, cé gur féidir a rá go raibh bua na litríochta ag an mbean ó Iarthar Dhuibhneach ar a laghad.

Eisean a thug Telefís Delorean ar TG4.

Anois tá sé tar éis géilleadh don Ghaelachas agus ar éigean go ndéanann sé tagairt don Ghaeilge níos mó.

Agus tá sé ana-chiúin faoi TG4, rud a léiríonn dom go bhfuil an cath sin caillte aige.

Bhí saghas díomá orm nuair a d’éirigh sé as agus scrígh mé litir chuig an nuachtán ag iarraidh air tabhairt faoin teanga arís ós rud é gur spreagadh a ba é i gcónaí bheith ar an dtaobh eile den argóínt le Kevin.

Nuair atá deireadh ráite, áfach, is féidir le colúnaithe a bhíonn ag tabhairt uathu go haineolach faoin nGaeilge agus an gcur amú airgid uirthí, dar leo, daoine a ghortú.

Is pobal sinne, pobal na Gaeilge, tá mothúcháin againn.

Labhraimid Gaeilge agus tá an ceart sin againn.

Ní chuirimid brú ar éinne Gaeilge a labhairt linn seachas iad san a bhfuil an dualgas sin luaite leo, iad san sa státchóras ó dheas atá ceaptha bheith ag feidhmiú de réir Bunreacht a deir gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil agus ó thuaidh atá faoi réir ag Comhaontú Aoine an Chéasta a gheallann go n-éascófar úsáid na Gaeilge sa saol poiblí.

Is comhaontú sollúnta idirnáisiúnta é sin atá aitheanta ag na Náisiúin Aointaithe agus a rinneadh athrú Bunreachta i leith altanna 2 agus 3 mar gheall air.

Bíodh is nach dtugaim mo thacaíocht go hiomlán d’aistriú caipéisí oifigiúla nach léitear i mBéarla go Gaeilge chomh neamhléite céanna, aithním freisin go bhfuil fiúntas dóshéanta le brú a chur ar státchóras teiripeoirí úrlabhartha le Gaeilge a chur ar fáil do theaghlaigh a thógann a bpáistí le Gaeilge má tá an tseirbhís sin de dhíth orthu.

Feictear dom gur leithcheal dóchosanta é seirbhisí trí Ghaeilge a shéanadh ar dhaoine a iarrann a leithéid, go háirithe nuair a shamhlófá go mbeadh bunchaighdeán oideachais ag gach státseirbhíseach agus, dá réir sin, cumas acu an Ghaeilge a úsáid.

Is scannal náisiúnta é gur fostaíodh an oiread statseirbhíseach gan an cumas acu gnáthchomhrá a bheith acu nó gnó laethúil a dhéanamh le saoránaigh an stáit a iarrann a leithéid trí Ghaeilge.

Níl sé mí-réasúnta, ach chomh beag, bheith ag úsáid na Gaeilge agus tú ag imirt cluichí, Gaelach nó Gallda, sa Ghaeltacht nó lasmuigh di.

Ní ag brú Gaeilge ar éinne a bhímid ach ag seasamh ar son ár gcearta féin nach mbrúfaí teanga orainn.

Ní Taliban ná Naitsithe Teanga sinn dá bharr seo agus is léir dom gur éinne a bhaineann úsáid as téarmaíocht dá leithéid go bhfuil an argóint caillte acu gan a thuilleadh a rá nó conas is féidir ainmneacha cinedhíothóirí a lua le daoine atá ag seasamh in éadan teanga-dhíothú gan pé údarás morálta atá agat a fhágaint ar leataobh.

Colúnaithe nach dtuigeann nó a chuireann ina aghaidh seo, tá siad ar an dtaobh éagórach den argóínt.

Dá ghéire is dá bhinbí iad na n-ionsaithe, is mó a léiríonn siad go bhfuil ag teip orthu.

Mar a déarfadh Peig í féin, agus mionghaire ar a haghaidh chríonna, tá cos leo san uaigh agus an chos eile ar an mbruach!

Close
Close