‘Na Daoine Gorma’ - Caint chumhachtach le Emma Dabiri

Bhí an scríbhneoir agus craoltóir aitheanta, Emma Dabiri, in Iarthar Bhéal Feirste ar na mallaibh do Sheachtain Frithchiníochais na Gaeilge 2026. 

Is é Spórtlann na hÉireann a d’eagraigh an ócáid i gColáiste Feirste, áit ar labhair Emma Dabiri faoin téarma duine gorm’ agus ar an chiall, stair agus suntas a bhaineann leis.

Tá athshamhlú á dhéanamh ar an dóigh a smaoinítear ar an fhéiniúlacht go ginearálta agus ar an dóigh ar féidir linn nascadh leis an cheol, an fochultúr agus an pholaitíocht radacach. 

Bhí an craoltóir agus láithreoir Caoimhe Ní Chathail mar Bhean an Tí ar an lá chomh maith chun Emma a chur faoi agallamh faoina saothair agus a taithí mar dhuine gorm ag fás aníos in Éirinn.

Tá neart leabhar foilsithe ag Emma go dtí seo, ó ‘Dont Touch My Hair’ (2019), What White People Can Do Next: From Allyship to Coalition’ (2021) agus Disobedient Bodies: Reclaim Your Unruly Beauty’ (2023).

Tá sí i mbun pinn arís ag obair ar a leabhar úr a fhoilseofar i mí Dheireadh Fómhair 2027, Born to be Blue’. Bhí an Ghaeilge mar spreagadh ag Emma ag í ag roghnú an teidil nuair a dfhoghlaim sí tuilleadh faoin téarma ‘duine gorm

Bhí lúcháir ar Meon Eile freastal ar an ócáid spreagúil agus labhairt le Emma agus le Caoimhe ina dhiaidh.

Is féidir Emma Dabiri a leanúint ar Instagram agus Twitter. 

Close
Close