Tá ceardlanna ar an fhidil do pháistí os cionn 7 mbliana d’aois ar siúl i dTuaisceart Bhéal Feirste faoi láthair agus is í ceoltóir agus amhránaí as Tír Eoghain, Sinéad McKenna, atá ina mbun.
Cuirtear na ceardlanna ar siúl gach Luan in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma agus bíonn fáilte roimh pháistí de gach leibhéal cumais freastal orthu. Thosaigh na ceardlanna i mí Eanáir agus tá siad le críochnú i lár mí an Mhárta.
Bhuail Meon Eile isteach ar na ranganna an tseachtain seo, áit a raibh deis againn labhairt le Sinéad faoi na ceardlanna go dtí seo, faoin chúlra s’aici féin leis an fhidil agus faoin tábhacht a bhaineann le deiseanna mar seo a thabhairt don aos óg, go háirithe agus Fleadh Cheoil na hÉireann ag teacht go Béal Feirste an samhradh seo!

