Fleadh Uladh 2012 i nDún Geimhin

Fleadh Uladh 2012 i nDún Geimhin

Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann sa bhliain 1951 chun ceol agus damhsa traidisiúnta na tíre a chur chun cinn. Faoi láthair tá níos mó ná 400 craobh den Chomhaltas ar fud na cruinne le breis agus 75,000 de rannpháirtithe. Ceann d’ócáidí móra an eagrais ná Fleadh Uladh a bhí ar siúl i mbliana i nDún Geimhin, Contae Dhoire. D’éirigh thar barr leis le ceoltóirí agus damhsóirí ó gach cearn den Chúige ag seinm agus in iomaíocht.

Fleadh Uladh / Sarah de Búrca
Close
Close