Fleadh Cheoil na hÉireann – cultúr na nGael beo beathach!

Fleadh Cheoil na hÉireann – cultúr na nGael beo beathach!

Os cionn 300,000 duine a d’fhill ar shráideanna bhaile an Chabháin d’Fhleadh Cheoil na hÉireann le seachtain go leith anuas.

Ba é seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile a reachtalaíodh an fhéile sa Chabhán. I mbliana ceaptar gurbh fhiú €40 milliún (£31,500,000) é don gheilleagar áitiúil.

Thug 1,400 oibrí deonach lámh chuidithe le linn na féile agus eagraíodh breis is 200 imeacht agus comórtas, an tromlach acu saor in aisce.

Bhí togha cheoltóirí agus ealaíontóirí na cruinne san iomaíocht i gcomórtais uirlise, canadh agus rince ag an fhéile cheoil traidisiúnta is mó ar domhain agus tháinig cuairteoirí ó gach cearn den domhan fhad leis an Chabhán, foireann Meon Eile ina measc.

Shiúli muid na sráideanna agus chuaigh muid i measc na sluaite. Labhair muid le ceoltóirí, cuairteoirí agus coiste na féile, fear na portaireachta Seamus Fay agus Ard-Stiúrthóir CCÉ Labhrás Ó Murchú ina measc.

Seo chugaibh gné-fhíseáin speisialta ón Chabhán le scoth an cheoil (idir cheol na sráide agus cheol na dtíthe óil), blaisín den damhsa gaelach, ár n-ealaíona dúchasacha agus píosa d’atmaisféar agus craic na féile…

Fleadh Cheoil na hÉireann 2012

Fleadh Cheoil na hÉireann ag aistear go Doire Cholmcille

Tar éis trí bliana i gContae an Chabháin, tá Fleadh Cheoil na hÉireann chun imeacht thar theorainn an Tuaiscirt don chéad uair riamh ar an bhliain seo chugainn. Bliain mhór a bhéas ann do chathair Dhoire, Cathair Chultúrtha na Ríochta Aontaithe 2013.

Close
Close