Filleadh na bhféilte le Stendhal 2021

Tá na féilte ar ais! Chaith Meon Eile an deireadh seachtaine ag an fhéile Stendhal - an chéad fhéile cheoil sa tuaisceart le dhá bhlain anuas. 

Thosaigh an fhéile sa bhliain 2012 agus tá sí ag dul ó neart go neart ó shin. Ar ndóigh, cuireadh ar ceal anuraidh í mar gheall ar chúrsaí Covid-19 ach bhí an t-ádh ar lucht freastail na bhféilte go raibh cead acu leanúint ar aghaidh leis i mbliana, cé nach raibh ach trian de na daoine a bhíonn ag freastal uirthi de ghnáth i láthair. 

Bhí Zero Waste North West mar chuid lárnach den fhéile, mar a bhí roimhe seo, agus iad ag cur béim ar athchursáil bruscair.

Beidh féile Stendhal eile ag titim amach an 12ú Lúnasa i mbliana ionas gur féidir le níos mó daoine freastal uirthi ach na huimhreacha a choinneáil íseal go fóill. Tá gach eolas ar fáil anseo

Close
Close