Tá féile úrnua a dhéanann ceiliúradh ar athbheochan na Gaeilge in Oirthear Bhéal Feirste faoi lán seoil an tseachtain seo.
Is í an eagraíocht Turas atá ag reáchtáil Fhéile Shomhairle Uí Bhriosáin, dochtúir agus ársaitheoir Preispitéireach a raibh cónaí air sa cheantar 200 bliain ó shin agus a bhfuil Sráid Uí Bhriosáin aimnithe in ómós dó.
Bhí Somhairle, a rugadh in 1778 agus a fuair bás in 1853, iontach gníomhach in athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste lena linn.
Tá imeachtaí ar siúl idir an lá inniu agus críoch na Féile Dé hAoine bheag seo agus tá gach eolas le fáil anseo.