Féile na Mí ag ceiliúradh 40 bliain ar an fhód

Tá Féile na Mí 40 bliain ar an fhód i mbliana agus rinneadh ceiliúradh ag an deireadh seachtaine le féile spleodrach lán ceoil agus craice.

Is i Ráth Chairn Glas na Mí a eagraítear an fhéile i mí na Samhna gach bliain agus bíonn réimse leathan de chomórtais damhsa, amhránaíochta agus uirlise ann do gach aoisghrúpa.

Cuirtear béim i gcónaí ar an nasc teanga, cultúir agus ceoil atá idir Ráth Chairn agus Conamara a dhaingniú agus a cheiliúradh.

Arís i mbliana bhí na scórtha san iomaíocht sna comórtais agus tharraing na céadta ar Ráth Chairn chun sult a bhaint as an deireadh seachtaine.

Bhí Meon Eile i láthair agus seo mar a d'éirigh linn...


Close
Close