Féile na Bealtaine le Réamonn Ó Ciaráin

Leath bealaigh idir Cónocht an Earraigh agus Grianstad an tSamhraidh, titeann féile na Bealtaine. Is ceathrú féile í féile na Bealtaine atá buailte linn anois agus leis seo tagann tús an tSamhraidh.

Is am ríthábhachtach é Bealtaine go fóill agus déantar ceiliúradh ar an traidisiún fud fad na tíre le bláthanna agus tinte in ómós dár sinsir, don nádúr agus don torthúlacht, macalla dár bhfréamhacha Pagánacha a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.

Le linn mhí na Bealtaine in Éirinn, déantar ceiliúradh ar Mhuire - rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis an am seo i bhféilire na Críostaíochta in éineacht le seanfhéilire na nGael.

Mhínigh Réamonn Ó Ciaráin roinnt de na scéaltaí agus na traidisiúin a bhaineann le Féile na Bealtaine i stair na tíre dúinn...

Close
Close