Féile Ealaíon na Meabhairshláinte 2023

Tá taispeántas nua ag an ealaíontóir clúiteach agus bunaitheoir Chleamairí Ard Mhacha, Dara Vallely, ar siúl ag Ionad Ealaíon an Crescent i mBéal Feirste.

Is mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Meabhairshláinte atá an taispeántas ar siúl agus, le tús a chur leis an Fhéile i mbliana, bhí comhrá thar a bheith spreagúil ag Dara agus ag stiúrthóir Chleamairí Ard Mhacha, Anne Hart, leis an eagarthóir agus scríbhneoir, Brian Coney.

Is ealaíontóir, ceoltóir agus scéalaí é Dara as Ard Mhacha agus in 1978 bhunaigh sé Cleamairí Ard Mhacha, nó na ‘Armagh Rhymers’. Tá sé mar aidhm ag Dara agus a chomhoibrithe daoine a chur ar an eolas faoi mhiotaseolaíocht agus béaloideachas na tíre seo, tríd an scéalaíocht agus ceol. Tá neart taistil déanta ag an ghrúpa thar na blianta, agus iad ag scaipeadh na scéalta ón Chóiré, Hong Cong, an Bhreatain Bheag agus Sasana, le cois áiteanna eile.

Fograíodh drochscéala an tseachtain seo go bhfuair Barry Lynch bás, cara mór de chuid na gCleamairí agus ball luachmhar den ghrúpa. Cleamaire, ceoltóir, agus cara iontach a bhí ann a d’imir tionchar suntasach ar go leor ceoltóirí agus ealaíontóirí, idir óg agus aosta, taobh istigh agus taobh amuigh de na Cleamairí. Ba cheoltóir an-chumasach a bhí ann agus bhí ról lárnach aige i bhforbairt na gCleamairí, ó thaobh an cheoil féin de go háirithe. Chomh maith leis an saineolas a bhí aige, ba chroí na cuideachta é agus ba shiamsóir iontach a bhí ann. Ba mhaith le Meon Eile comhbhróin a dhéanamh le clann agus le cairde Barry agus leis na Cleamairí ag an am deacair seo.

Chun críoch a chur leis an Fhéile, beidh seó ag na Cleamairí an Satharn beag seo sa Crescent agus is féidir ticéad dó a fháil anseo.

Close
Close