Féile Charn Tóchair 2019


Bíonn céiliúradh beathúil ar siúl sa chéad chóicis de mhí Iúil gach bliain ag muintir Charn Tóchair i ndeisceart Dhoire.

Éagraítear clár lán d'imeachtaí taitneamheach ag 'Féile Charn Tóchair' a oireann don chlann ar fad, comórtas 'Poc ar an Chnoc', Aifreann Gaeilge, Rás sna Spéiríní, Rás Rothaíochta agus lá spraoi teaghlaigh ina measc.

Tá méadú nach beag tagtha ar líon na reathaithe iomaíocha a ghlacann páirt sa chomórtas reatha 5k thar shléibhte is gleannta an cheantair le cúpla bliain anuas.

I mbliana ghlac os cionn 180 duine páirt ann agus bronnadh duais ar Rí agus ar Bhanríon an Rása, Shane Donnelly agus Karen Wilton.

D'oibrigh muintir na háite ar bhonn deonach chun lá spraíúil a chur ar fáil do theaghlaigh áitiúla agus cuairteoirí.

Ón phreabchaisleán agus bairbeaciú go ceardlanna scileanna sorcais agus zú taistil, bhí rud éigin ann d'achan duine!

Close
Close