Feachtas sluamhaoinithe £5,000 faoi sheol ag Liú Lúnasa

Feachtas sluamhaoinithe £5,000 faoi sheol ag Liú Lúnasa

Naoi lá atá fágtha san fheachtas sluamhaoinithe atá faoi sheol ag Liú Lúnasa, féile cheoil phobalbhunaithe atá á heagrú ag Gaeilgeoirí óga i mBéal Feirste.

Tá togha na gceoltóirí, ealaíontóirí agus na mbuíonta ceoil le páirt a ghlacadh san fhéile a eagrófar ó 24ú-28ú Lúnasa, le Dysania, Gráinne Holland, Bréag, IMLÉ, Emma Ní Fhíoruisce, JJ Ó Dochartaigh, Rís, Dúchas, Nell Ní Chroinín, Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Boss Sound Manifesto uilig ar ardán.

Tá ar lucht eagraithe Liú Lúnasa £5,000 a bhailiú ina bhfeachtas sluamhaoinithe roimh an 25ú den mhí nó caillfear an méid atá tiomsaithe go dtí seo. Faoi láthair, táthar leath bealaigh leis an tiomsú airgid.

Beidh oíche maidhc oscailte ag Liú Lúnasa sa Chultúrlann i mBéal Feirste oíche Shathairn le hairgead a bhailiú don fhéile. Tá fáilte roimh cheoltóirí agus ealaíontóirí ar mhian leo port a chasadh nó aon duine eile ar mhaith leo punt a dheonú.

Deir Naoise Ó Cairealláin, eagraí Liú Lúnasa, go bhfuil sé mar aidhm acu féile bhríomhar a eagrú ina mbeidh deis ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid ar bhonn sóisialta taitneamhach.

Liú Lúnasa

Tá gach eolas faoin fheachtas sluamhaoinithe le fáil anseo.

Close
Close