Féile na Carraige ag ceiliúradh 10 mbliana ar an fhód

Féile na Carraige agus Aisling Ghéar

Rinne pobal Uachtar Chluanaí Bhéal Feirste an deichiú Féile na Carraige a cheiliúradh an tseachtain seo caite.

Bhí an compántas drámaíochta Aisling Ghéar mar chuid d’fhéile na bliana seo agus ‘Caoimhe agus Cúirt an Mhéan Oíche’ á léiriú i gColáiste Feirste.

Thug Meon Eile cuairt orthu agus labhair muid leis an phobal agus leis na haisteoirí faoi chomóradh an deichniúir agus faoin aisteoireacht san Uachtar Chluanaí.

Close
Close