Féile Cheoil Johnny Crampsie ar ais ar an tSráth Bán

An deireadh seachtaine seo déanfar Féile Cheoil Johnny Crampsie a reachtáil ar an tSráth Bán i gcontae Thír Eoghain. Is comhphairtíocht é an togra idir grúpa Gaeilge an bhaile, Gaelphobal, agus an cumann ceoil trasteorann, CRAIC.

Bhunaigh ceoltóirí ó Lifear i dTír Chonaill agus ón tSráth Bán CRAIC (Cultural Revival Among Interested Communities) i 1995 agus tá siad ag dul ó neart ó shin, ag ceiliúradh an chultúir Ghaelaigh ar bhealach neamhpholaitiúil. I dtrátha an ama chéanna bunaíodh Gaelphobal an tSrátha Báin leis an Ghaeilge a chur chun cinn i saol phobal na háite. Thóg siad leo Príomhdhuais Ghlór na nGael i mbliana.

Tá Féile Cheoil Johnny Crampsie ar an fhód ó na nóchaidí in ómós don fhidléir clúiteach. Chinn CRAIC anuraidh an Fhéile á reachtáil go dátheangach don chéad uair i gcomhphairtíocht le Gaelphobal.

D’fhreastal Meon Eile ar seoladh na Féile. Seo chugaibh ceol ó CRAIC, Rossa Ó Snodaigh agus damhsa sciobail. Labhair muid le baill na n-eagras faoi athneartú cultúrtha trasteorann, forbairt na Gaeilge sa bhaile agus faoin fhidléir cáiliúil féin.

CRAIC Féile Cheoil Johnny Crampsie / Shane Ó Curraighín
Close
Close