Dorn San Aer do Rónán: Oíche tiomsaithe airgid in Áras Mhic Reachtain

Cuireadh ‘Ciste Tacaíochta Rónáin’ ar bun chun cuidiú le duine is daoine is aitheanta i saol na Gaeilge, mar atá Rónán Mac Aodha Bhuí. Nuair a tháinig ailse ar Rónán ceithre bliaina ó shin, ba ghearr go raibh a fhios aige go mbeadh air cóir leighis chostasach a fháil agus go mb’fhéidir go mbeadh air dul thar lear fosta.

Is mian le Rónán leigheas a aimsiú agus níos mó ama a bheith aige lena theaghlach agus lena chairde, agus tá an Ciste Tacaíochta ag iarraidh an cuidiú a thug Rónán do shaol na teanga a thabhairt ar ais dósan.

Tá sraith imeachtaí ar siúl ar fud na tíre do Rónán agus mar chuid de sin bhailigh pobal na Gaeilge le chéile in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste ar na mallaibh. ‘Dorn San Aer do Rónán’ an teideal a bhí air agus d’éirigh leo cur leis an airgead atá á thiomsú don chraoltóir cáiliúil de chuid RTÉ. Oíche lán de cheol, craic agus damhsa a bhí ann.

I measc na gceoltóirí a bhí ag an imeacht speisialta bhí Boss Sound Manifesto, Bréag, Caitríona Ní Ghribín agus eile. Labhair Meon Eile leo sin agus le Daithí Mac Uait ó Áras Mhic Reachtain faoi thábhacht na hoíche seo agus faoin tionchar suntasach atá ag Rónán orthu agus ar a gcuid ceoil.

Más mian leat tacú le Ciste Tacaíochta Rónáin, is féidir síntiús a thabhairt anseo

Close
Close