Ceolchoirm in ómós do Cholm Cille in Ollscoil Uladh

Rinneadh taifeadadh ar cheolchoirm speisialta ar Champas Mhic Aoidh de chuid Ollscoil Uladh le déanaí mar chuid de chomhdháil a reáchtáil The American Conference for Irish Studies i gcomhpháirt leis an ollscoil.

Iarradh ar an chumadóir Neil Martin píosa ceoil a chumadh don ócáid, rud a rinne sé, agus taifeadadh é i gColáiste Mhic Aoidh, Doire, in éineacht le ceol ó Mairéad Comer, Moya Sweeney, Lauren O'Neill agus Eugene McKenna. 

Bhí Meon Eile i láthair ann agus bhí deis againn labhairt le cuid den lucht eagraithe agus na rannpháirtithe.

Nach iontach an rud é ceol beo a chluinstin arís!

Close
Close