Ceol na nGlinntí

I mbliana d’eagraigh ceoltóirí na tíre féile nua darb ainm Féile na nGlinntí. Mar chuid den fhéile bhí an pobal ábalta cultúr na hÉireann a fheiceáil agus a chloisteáil i mBaile an Chaistil.

Bhí an fhéile ag celiúradh cultúr na tíre, go háirithe an ceol traidisiúnta. Bhí ceardlanna ar fáil le linn na seachtaine agus ghlac páistí agus déagóirí páirt iontu; ceardlanna ag taispeáint ceoil, damhsa agus uirlisí ceoil ó chuid de na amhránaithe, damhsóirí agus ceoltóirí is fearr ar an oileán. Rinne siad dlúthdhiosca chomh maith atá ar fáil ar shuíomh Facebook na féile. Mhair an Féile cúpla lá agus bhí a lán seisiún ceoil ar siúl ar na sráideanna agus sna pubanna áitiúla ar fud an bhaile. 

Ag deireadh na seachtaine chuir na páistí ceolchoirm ar siúl agus bhí craic agus spraoi ag achan duine a bhí i láthair.

Close
Close