Ceol comhaimseartha ar an fhidil - ‘Daithi’

Ceol comhaimseartha ar an fhidil - ‘Daithi’

Is cinnte go bhfuil intinn cruthaitheach ag teastáil chun ceol comhaimseartha a chruthú agus níl aon dabht faoi go bhfuil sé sin ag fear as contae an Chláir; Daithí Ó Drónaí.

Tháinig Daithí chun ár scáileáin sa bhliain 2009 sa chéad sraith de ‘The All Ireland Talent Show,’ áit inár bhain sé an séú háit amach sa Chraobh. Lean sé air ansin agus bhí sé le feiceáil ar ‘Must be the Music’ ar Sky 1. Bíonn Daithí gnóthach ag seinm timpeall na tíre ag imeachtaí éagsúla, ‘Electric Picnic’ ina measc.

Tá an ceol a bhíonn á sheinm ag Daithí an-éagsúil agus le ceoltóirí chumasacha ar nós Daithí Ó Drónaí is cinnte go mbeidh ceol comhaimseartha le cloisteáil go fada.

Chas Sarah de Búrca leis díreach agus é tar éis a bheith ag seinm ag ceolchoirm.

Ceol comhaimseartha ar an fhidil - ‘Daithi’ / Sarah de Búrca

Beidh Daithí ag seinm ag Electric Picnic ar an Satharn beag seo sa Little Big Tent ag 3.30i.n.

Close
Close