Deireadh Seachtaine Amhránaíochta Inis Eoghain 2022

Bhí Deireadh Seachtaine Amhránaíochta Inis Eoghain 2022 ar siúl an tseachtain seo caite i gcontae Dhún na nGall. Mar gheall ar an phaindéim Covid-19, seo an chéad uair a tharla an fhéile le dhá bhliain anuas. 

 

D'fhreastail idir óg agus aosta ar an fhéile agus bhí neart amhrán le cloisteáil le linn an deireadh seachtaine. Labhair Meon Eile le Colm Ó Tuathaláin, duine d'eagraithe na féile faoin mhéid a bhí ar siúl acu. D'inis Colm faoin bhinneas ceoil atá thart fá cheantar Inis Eoghain agus faoin tábhacht a bhaineann le féilte mar seo.

 

Labhair Naoise Mac Cathmhaoil le Meon Eile fosta faoina eispéireas ag an fhéile agus faoin sult a bhaineann sé as amhráin a chasadh. 

 

Ba léir gur deireadh seachtaine rathúil a bhí ann agus tá lucht na féile ar bís leis an chéad cheann eile a reáchtáil ar an bhliain seo chugainn.

Close
Close