Ceardlann damhsa do theaghlaigh i gcroílár Bhéal Feirste

Bhailigh teaghlaigh le chéile ag Uimhir 2 Ascaill Ríoga, Béal Feirste, ar na mallaibh chun ceardlann a bheith acu sa damhsa Gaelach. Is í an eagraíocht Ghaeilge, An Droichead, a d’eagraigh an cheardlann agus an ceoltóir agus damhsóir Caitlín Nic Gabhann as Contae an Mhí a bhí i mbun teagaisc.

Bhí an cheardlann mar chuid de dheireadh seachtaine lán imeachtaí darb ainm ‘Ceiliúradh Damhsa ’a chuir An Droichead le chéile i gcomhair leis an Chomhairle Ealaíon agus le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Thug Meon Eile cuairt ar an cheardlann áit ar labhair muid le Claire Kieran, Oifigeach Imeachtaí Ealaíon An Droichead, faoin aidhm a bhíonn ag An Droichead imeachtaí cosúil leis an cheann seo a chur ar fáil don phobal i lár na cathrach.

Labhair muid fosta le Lynette Fay a thug cuairt ar an imeacht le hiníon bheag s’aici agus a d’inis dúinn faoi cé chomh tábhachtach is atá sé go mbainfidh páistí beaga triail as rudaí nua agus iad ag fás aníos.

Close
Close