Ceardlann Cumadóireachta le Máire Zepf

Le déanaí d'eagraigh an t-údar Máire Zepf ceardlann do pháistí i Leitir Ceanainn chun a gcuid scéalta féin a chumadh. Bhí an ócáid mar chuid d'Fhéile Focal Beo, féile áitiúil Gaeilge atá á reáchtáil ag Líonra Leitir Ceanainn, Bhí go leor imeachtaí idir cheol agus painéil chainte, ealaín agus ceardlanna ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud Leitir Ceanainn ar feadh seachtaine.

Bhí ceardlann Mháire ar siúl i Leabharlann Leitir Ceanainn, áit ar léigh Máire ón leabhar is úire ina sraith Rita, Rita agus an Dineasár. D'imir na páistí cluichí agus dhear siad a gcuid créatúir féin.

An lá roimhe sin, d'fhreastail Máire ar Choláiste Ailigh, áit a raibh ceardlann aici leis na páistí faoi imeachtaí an tsaoil mhóir a úsáid chun saothar ficsin a chruthú.

Thug Meon Eile cuairt ar Leitir Ceanainn agus chaith muid an dá lá le Máire, a labhair faoin tábhacht a bhaineann le léitheoirí óga a spreagadh.

Tá tuilleadh eolais ar Máire Zepf anseo agus is feidir leabhair Máire a cheannach anseo.

Close
Close