Carnabhal Beat ag tabhairt daoine le chéile

Carnabhal Beat ag tabhairt daoine le chéile
Beat Carnival / Sarah de Búrca

Is compántas neamhspleách ealaíon é Beat Carnival a bhfuil sé de sprioc acu carnabhal a léiriú, chomh maith le taispeantais a chur chun cinn, traenáil a chur ar fáil agus forbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht an phobail.

Tá Beat lonnaithe i mBéal Feirste agus tugann siad deis do dhaoine teacht le chéile chun smaointe a roinnt agus na healaíona a chleachtadh.

Léiríonn Beat imeachtaí éagsúla i rith na bliana agus i mbliana bhí siad mar chuid mhór d’Oíche Chultúr.

Bhí Meon Eile i láthair ag seisiún damhsa ina raibh daoine ó gach cearn den domhan ag cruthú atmaisféar carnabhail le chéile.

Close
Close