Athchóiriú Chumann Chluain Árd faoi lán seoil

Tá athchóiriú arbh fhiú £400,000 faoi lán seoil ar fhoirgneamh Chumann Chluain Árd in iarthar Bhéal Feirste.

Chuir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, Ciste Infheistíochta na Gaeilge agus an Roinn Cultúr, Ealaíon agus Fóillíochta maoiniú ar fáil don athchóiriú

Tá cáil nach beag ar an Chumann óna bhunú thiar i 1936 agus na céadta foghlaimeoirí Gaeilge ag teacht trí na doirse gach seachtain le freastal ar ranganna atá saor in aisce.

“Tháinig Coiste Chumann Chluain Árd le chéile, dúirt muid go raibh orainn dóigh a chur ar an fhoirgneamh,” arsa Seámus Ó Donnghaile.

Tá ranganna an Chumainn bogtha go tuaisceart na cathrach fhad agus go bhfuil athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh an chumainn.

“Tháinig Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste chugainn. Dúirt siad linn go raibh siad ar tí foirgneamh nua a cheannach agus go mbeadh fáilte roimh na ranganna ansin.

Tá suas le 100 ann gach seachtain. Tá muid uilig in aon áit amháin d’aon chúis amháin, an Ghaeilge a choinneáil beo. Tá mé iontach tógtha faoin mhéid atá romhainn,” a dúirt Séamus.

Seo chugaibh léargas ar an obair atá a dhéanamh ar an fhoirgneamh.

Athchóiriú Chumann Chluain Árd faoi lán seoil
Close
Close