Ar éirigh le Bliain na Gaeilge?

Rinneadh ceiliúradh ar áilleacht, tábhacht agus saibhreas ár dteanga dúchais le linn Bhliain na Gaeilge anuraidh.

Is ceiliúradh a bhí ann ar 125 bliain d’Athbheochan na Gaeilge ar fud na cruinne, agus ar bhunú Chonradh na Gaeilge.

Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta mar chuid den fhéile, chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta.

Tháinig na mílte Gael ó fud fad na tíre le chéile i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Aibreáin seo caite faoi choinne phríomhimeacht Bhliain na Gaeilge, 'Beo - Gaelach & Bródúil'.

Ach an ndeachaigh Bliain na Gaeilge i bhfeidhm ar dhaoine? Nach bhfuil achan bhliain ina bliain na Gaeilge do na Gaeil? Agus ar bhain Conradh na Gaeilge amach a gcuid spriocanna le linn na bliana?

Labhair muid le hArd-Runaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, agus le Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga don iarthuaisceart, faoi thábhacht agus rath na féile...

Close
Close