Ar chúl an cheamara le Kneecap

Faoi láthair tá an grúpa rapcheoil Kneecap ag obair ar scannán Gaeilge a chuireann scéal an bhanna os comhair an phobail agus a insítear le meascán de fhíorscéalta agus de bhréagscéalta.

Bhí Meon Eile ar an seit i bPríosún Bhóthar Chromghlinne chun blaisín a fháil ar na radhairc taobh thiar den cheamara. Labhair muid le Peadar Ó Goill, an dara stiúrthóir aonaid, atá ag obair le Kneecap le blianta fada. Bhí comhrá againn fosta le JJ Ó Dochartaigh agus Naoise Ó Cairealláin, beirt bhall den ghrúpa a bhí ar bís a bheith ag obair ar a gcéad fhadscannán.

Eiseofar an scannán am éigin an bhliain seo chugainn.

Tá an fhoireann léiriúcháin ag iarraidh ar an phobal teacht chomh maith Dé Céadaoin agus Déardaoin seo le bheith mar aisteoirí breise atá i láthair ag ceolchoirm. Dá mba mhaith leat an deis a bheith páirteach sa scannán, téigh anseo chun clárú. Gheobhaidh gach aisteoir breise t-léine eisiach Kneecap saor in aisce.

Coinnigh súil ar mheáin shóisialta Kneecap chun nuashonruithe a fháil faoin scannán.

Close
Close