Tábhacht an tSean-Nóis

Tá traidisiún saibhir an cheoil, na hamhránaíochta agus an damhsa dúchais in Éirinn á chur chun cinn ag glúin i ndiaidh glúine a fhad leis an lá atá inniú ann.

Is mór an iomaíocht atá ag na traidisiúin sin ar an aimsir seo ach bíonn siad go fóill á gcleachtadh fud fad na tíre.

Cad é an tarraingt atá acu? An féidir leis an sean-nós maireachtáil i saol seo na nuatheicneolaíochta? Cén tábhacht a bhaineann leis an oidhreacht seo?

Labhair Meon Eile le roinnt saineolaithe ceoil agus damhsa faoi ghnéithe éagsúla an tsean-nóis agus faoin todhchaí atá i ndán dó, dar leo.

Close
Close