An Oh Yeah Centre: 15 Bliana ar an fhód

Bhailigh scaifte mór le chéile san Oh Yeah Music Centre i mBéal Feirste Dé hAoine seo caite chun ceiliúradh a dhéanamh ar 15 bliana den ionad ceoil.

Bhí neart craice agus ceoil ann ar ndóigh agus bhí idir óg agus aosta i láthair. Ina measc siúd, bhí cuid mhaith ceoltóirí a bhfuil baint acu leis an áit agus daoine a oibríonn in earnáil an cheoil, chomh maith le lucht tacaíochta ón phobal.

Chuir an DJ Phil Taggart meascán maith ceoil le chéile a mheall neart daoine ar an úrlar damhsa. Bhí áthas agus faoiseamh le mothú timpeall na háite, go háirithe i ndiaidh do dhaoine a bheith gafa sa bhaile ar feadh dhá bhliain.

Labhair Meon Eile le Caoimhe O’Connell, oibrí óige an Oh Yeah ó 2019, chomh maith le beirt cheoltóirí as Béal Feirste, Ciara Nic an Rí agus Charlie Hanlon, atá mar chuid den scéim meantóireachta an Oh Yeah dar teideal ‘Scatch My Progress’.

Cuireadh an ócáid seo ar siúl mar chuid den Fhéile ‘Sound of Belfast’ a reáchtálaíonn an Oh Yeah achan bhliain. Tugann seo deis don fhoireann obair le neart ionaid cheoil timpeall na cathrach agus imeachtaí ceoil agus cultúrtha a eagrú iontu.

Is rud iontach é go bhfuil áit ar leith mar seo ann i gcroílár Bhéal Feirste. Go háirithe do dhaoine óga; go bhfuil a fhios acu go bhfuil áit shábháilte ann ar féidir leo sult a bhaint as an cheol, saor in aisce, le comhluadar maith. Mar a deir sluán s’acu, is cinnte go n-osclaíonn an áit seo go leor doirse chuig an cheol.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Sound of Belfast 2022 anseo

Close
Close