Amhráin na Saoirse - Tionscadal Bob Marley

Amhráin na Saoirse - Tionscadal Bob Marley

“Live for yourself and you will live in vain. Live for others and you will live again.” Sin an soiscéal a bhí ag an cheoltóir reggae Bob Marley, duine de mhóroirfidigh an 20ú haois.

Tá sé fíor le rá gur chuir ceol Bob Marley tús le hathruithe sóisialta agus réabhlóid spioradálta i measc a mhuintire féin agus níos faide i gcéin. Níos mó arís, lig sé dá chuid éisteoirí dearmad a dhéanamh den bhuairt agus damhsa ar aghaidh leis an cheol.

Rinneadh ceiliúradh ar a chuid saothar i nDún Laoghaire ar na mallaibh ag ócáid dar dteideal “Amhráin na Saoirse – Tionscadal Bob Marley” a bhí mar pháirt den fhéile litríochta Gaeilge ‘IMRAM’.

Oíche den scoth i measc cuid de laochra cheol na hÉireann mar Liam Ó Maonlaí, Natty Wailer agus an banna reggae Feirsteach Bréag. Bhí íomhánna breátha ar scáileán le Margaret Lonergan agus bhí na hamhráin uilig aistrithe go galánta ag Gabriel Rosenstock.

Labhair Meon Eile le stiúrthóir na féile Liam Carson agus le Liam Ó Maonlaí faoin nasc idir Iamáice agus Éire agus faoin tionchar a bhí ag ceol Bob Marley ar an domhan uilig.

Amhráin na Saoirse: Tionscadal Bob Marley
Close
Close