Tuairimí an phobail ar thoghchán na hUachtaránachta

Seisear a bheidh san iomaíocht do ról an Uachtaráin agus muintir Phoblacht na hÉireann ag caitheamh vóta ar an 26 Deireadh Fómhair.

Is iad an tUachtarán reatha Micheál D. Ó hUigínn, Liadh Ní Riada ó Shinn Féin, an Seanadóir Joan Freeman agus na fir ghnó Seán Gallagher, Gavin Duffy agus Peter Casey atá san iomaíocht. 

Bhí go dtí an 26 Meán Fómhair ag na hiarrthóirí tacaíocht a fháil ó cheithre chomhairle nó ó 20 ball den Oireachtas chun a chinntiú go mbeadh a n-ainmneacha ar an bhallóid.

Agus mí feachtasaíochta os ár gcomhair, chuaigh Meon Eile amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath chun tuairimí an phobail a fháil ar an toghchán uachtaránachta.

Close
Close