Cad is kambo ann?

Is poitigéir é Paul McAllister a thosaigh ag dul don réicí - leigheas fuinnimh ón tSeapáin a chuidíonn chun mothúcháin agus an corp a athchomthromú - i ndiaidh dó cúpla bliain dhúshlánach a chaitheamh i mBaile Átha Cliath.

Chomh maith leis sin bhain sé triail as kambo - cur chuige leighis thraidisiúnta atá á chleachtadh leis na mílte bliain i Meiriceá Theas agus ina n-úsáidtear tál froig le cuidiú le daoine teacht uathu féin ón andúil, ón dúlagar agus ón imní, i measc nithe go leor eile.

Thug Paul faoi sheisiún kambo leis an lionn dubh agus siondróm putóige greannaithí agus, ó tharla gur mhothaigh sé níos fearr ina dhiaidh, rinne sé cúrsaí oiliúna le teastas a bhaint amach le bheith ina chleachtóir réicí agus kambo. I mí Iúil 2020, d’oscail sé AHO Wellness i mBéal Feirste.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an ionad ar na mallaibh le tuilleadh eolais a fháil faoi kambo. Chuaigh Paul fríd an phroiséas uilig atá i gceist leis agus labhair muid le Caoimhe Ní Longáin, a bhí ann lena céad seisiún kambo a dhéanamh. 

Más spéis leat féin tuilleadh eolais a fháil faoi na cuir chuige leighis seo, is féidir teagmháil a dhéanamh le Paul ar 07384668964 nó ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Close
Close