Leideanna aclaíochta a chuideoidh le do mheabhairshláinte

Mí Feasachta na Meabhairshláinte atá ann i mí na Bealtaine agus beidh imeachtaí ar leith ag tarlú idir an 12-18 den mhí.

Tá go leor dóigheanna éagsúla ann le do mheabhairshláinte a neartú agus tá an aclaíocht ar cheann acu.

De réir Mind.org, cuidíonn an aclaíocht leat strus an tsaoil a laghdú, codladh níos fearr a fháil agus meon níos fearr a bheith agat, i measc go leor rudaí eile.

Thug Meon Eile cuairt ar Joe Mac an Fhailí, traenálaí pearsanta a bhfuil a ghnó féin, Spórtúil, aige. Labhair sé linn faoi aistear s’aige féin leis an aclaíocht agus faoin dóigh a gcuireann sé lena shaol, go háirithe ó thaobh na meabhairshláinte de. Thug Joe leideanna dúinn fosta maidir le tosú ar an aclaíocht.

Lena chois sin labhair muid le Niamh Nic an Fhailí, deirfiúr le Joe a théann chuig ranganna s’aige. D’inis sí dúinn faoin dóigh a laghdaíonn an traenáil an strus a bhíonn uirthi agus faoin difear a mhothaíonn sí i ndiaidh di aon chineál aclaíochta a dhéanamh.

Close
Close