Donald Trump ag tarraingt amach as Comhaontú Aeráide Pháras...

An tseachtain seo caite d’fhógair Uachtarán SAM, Donald Trump, go bhfuil sé chun na Stáit Aontaithe a tharraingt amach as Comhaontú Pháras, ar mhaithe le cursaí eacnamaíochta agus forbairt tionsclaíochta a thíre.

Shínigh ionadaithe as 195 tír an comhaontú aeráide i bPáras i 2015 agus é daingnithe ag 148 tír acu ó shin.

Níor cheart go gcuirfeadh cinneadh Trump iontas ar dhuine ar bith mar dúirt sé le linn a fheachtais toghchánaíochta gur cur i gcéill a bhí sa téamh domhanda.

Cé go laghdaíonn cinneadh Trump fiúntas an chomhaontaithe le 20% agus go mbeidh ciste an chomhaontaithe thíos $3 billiún, tá ceannairí Eorpacha go fóill tiomanta agus sásta an fód a sheasamh ina éadan agus leoga tá poláitóirí ina dtír féin sásta an rud céanna a dhéanamh.

D’fhógair méaraí as 68 cathair go ndéanfadh siad achan iarracht aidhmeanna an chomhaontaithe a chur i gcrích go fóill.

Ach is ceart go mbeidh imní orainn ar fad faoi chinneadh Trump. Tír chomh mór leis agus é ag iarraidh earnáil na tionsclaíochta a mheadú ann.

Tá sé ráite ag an Eagraíocht Domhanda Meitéareolaíochta go raibh 2014, 2015 & 2016 ar an blianta is teo a bhí ann ó cuireadh tús le taifead eolais faoin aeráid.

Tá sé soléir go bhfuil an teocht ag ardú achan bhliain, cúis imní dúinn uilig atá beo ar an domhan seo agus do na glúnta atá le theacht.

Labhair muid le beirt i mBéal Feirste an tseachtain seo faoi chinneadh Trump agus faoi na himpleachtaí a bheas ann dúinn ar fad. Seo a bhí le rá acu…


Close
Close