Cáin Siúcra - An smaoineamh maith é?


Tugadh cáin siúcra isteach sa Phoblacht an tseachtain seo caite agus rinneadh amhlaidh ó thuaidh ag tús mhí Aibreáin.

Cáin ar dheochanna atá milis de bharr siúcra atá i gceist agus an aidhm atá léi ná go n-ólfaidh daoine níos lú deochanna siúcrúla má tá praghasanna ardaithe, go roghnóidh daoine deochanna níos sláintiúla agus go bhfeabhsóidh comhlachtaí an oiread siúcra atá ina ndeochanna.

Ó dheas is ardú 30c an lítear atá i gceist má tá níos mó ná 8g siúcra i ngach 100ml. Ó thuaidh, ardú 24p an lítear a ghearrtar má tá níos mó ná 8g siúcra i ngach 100ml.

Má tá idir 5g agus 8g siúcra i ngach 100ml, ardú praghas 20c an lítear atá ann ó dheas agus 18p an lítear ó thuaidh.

Níl cáin sa bhreis á gearradh ar dheochanna le níos lú ná 5g siúcra.

Dar le Roinn Airgeadais na Ríochta Aontaithe, tá níos mó ná 50% de chomhlachtaí i ndiaidh líon an tsiúcra ina ndeochanna a ghearradh siar.

Ach cad iad na tuairimí atá ag daoine ar an talamh faoin cháin seo? An smaoineamh maith é?

Close
Close