Tá an samhradh ag teacht chugainn agus na laethanta ag éirí níos faide. Seo an t-am is mó sa bhliain a bhíonn daoine ag imeacht ar a gcuid saoire.
Is beag áit ar domhan inniu nach bhfuil mar cheann scríbe agus é anois níos faiseanta imeacht go háiteanna neamhghnácha, ó Mheicsiceo go dtí an India, bíonn fáil ar eitiltí ón tír seo go beagnach achan chearn den chruinne.
Bhí ‘Meon Eile’ i nGaeltacht Thír Chonaill ag an deireadh seachtaine agus chuir muid ceist ar roinnt daoine faoin tsaoire is fearr a bhí acu ariamh…