Agus muid beo in aois atá sáite sa teicneolaíocht, ó mhusclaíonn muid ar maidín leis an chlog alairm ar ár bhfón go dtí go dtéann muid inár luí arís san oíche agus an fón céanna á luchtú, corr-uair is cosúil go bhfuil sé thar a bheith neamhfhéideartha chun feidhmiú agus maireachtáil gan gléas ar bith in aice láimhe.
Nuair atá tú gan d’fhón póca mothaíonn tú go bhfuil tú gearrtha amach as an chraic agus an nuacht le do chairde agus do mhuintir, agus ó imeachtaí eile atá ag tarlú sa saol agus ar fud an domhain.
In ainneoin na míbhuntáistí a bhaineann le bheith gan ghléas (mar shampla, gan bheith in ann scairt a cur ar dhuine i gcás éigeandála), tá go leor, leor buntáistí eile ann gan an fón póca a bheith agat an t-am ar fad.
I measc na mbuntáistí seo tá, níos mo ama chun diriú isteach ar spriocanna agus gníomhaíochtaí a mbaineann tú suaimhneas agus taitneamh astu agus saoirse iomlan a bheith agat ó dhaoine nach féidir leo teagmháil a dhéanamh leat ag aon bhomaite amháin.
Chuaigh Meon Eile a fhad le Coláiste Mhuire chun an cheist a chur orthu: An féidir leat maireachtáil gan fón póca?