Víreas Bolgaí Moncaí: an t-eolas uilig atá de dhíth ort

Máire Treasa Ní Cheallaigh

Tá ceithre bliana caite san ollscoil agam ag staidéar le haghaidh céim sa leigheas agus in ainneoin go ndearna mé modúl ar ghalair thrópaiceacha, níor chuala mé ariamh faoin víreas bolgaí moncaí go dtí coicís ó shin.

Sin comhartha nach bhfuil sé de rogha ag dochtúirí ach coinneáil leis an bhfoghlaim. Nach aoibheann beatha an scolaire! Níl anseo ach blúirín beag eolais faoin méid atá ar eolas againn faoi láthair.

Tá cásanna nua á n-aimsiú ar fud na hEorpa, san Astráil, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe. Tá sé seo neamhghnáthach do ghalar nach bhfeictear taobh amuigh do thíortha láir agus thiar na hAfraice. Bhí na húdaráis sa mBreatain in ann nasc a dhéanamh idir roinnt de na cásanna agus daoine a thaistil ón Nigéir, ach is údar imní é gur cosúil go bhfuil na cásanna eile á dtolgadh i measc an phobail.

Tá gaol ag an víreas seo leis an ngalar bolgach, ach de réir na saineolaithe, níl sé leath chomh trom ar an gcorp. Bíodh sin mar atá, is fearr a bheith eolach agus fios a bheith againn faoi má thagann sé chuig an doras againn.

Céard iad na comharthaí?

Cosúil le víris eile: fiabhras, cloigeann tinn, faireoga ata, pian droma, pian sna matáin. D’fhéadfadh gríos scaipeadh ansin. Go minic, is ar d’éadan a fheicfidh tú ar dtús é, agus ansin scaipeann sé go dtí bosa na lámh agus boinn do chos. Mar aon leis an deilgneach, tá tochas aisteach sa ngrios seo, nó pian. Sa deireadh, déanann sé gearb agus titeann sé den chraiceann. Glanann an t-ionfhabhtú faoi cheann coicíse nó trí seachtainí.

Cá bpioctar suas é?

Dlúth-theagmháil le daoine – roinnt tuaillí, caidreamh collaí, cuir i gcás - nó teagmháil le hainmnithe a bhfuil sé tolgtha acu. Tá go leor ráite faoi fhir atá aerach. Ní hé gur maith leis an víreas iad níos mó ná aon duine eile againn, ach is cosúil go bhfuil na cásanna ag scaipeadh i measc fir aeracha a raibh dlúth-theagmháil acu le chéile ag imeachtaí sóisialta éagsúla. Is maith mar sin go mbeadh muid uilig airdeallach sna seachtainí amach romhainn.

An bhfuil sé contúirteach?

Níl, den chuid is mó againn. Glanann sé éasca go maith don té atá folláin. Ach, cosúil le COVID-19, tá an baol ann go mbeadh daoine atá sochta ó thaobh imdhíonachta de, nó daoine atá níos sine, buailte go dona aige. Tá sé in ann daoine a chur den tsaol, ach is cosúil gur annamh a tharlaíonn sé.

An bhfuil leigheas ann?

Ceaptar go bhfuil an vaicsín in aghaidh na bolgaí 85% éifeachtach ina aghaidh, ach faoi láthair, is é an rianú teagmhálaithe is éifeachtaí dúinn mar phobal. Dá mbeadh duine go dona tinn leis, d’fhéadfaí drugaí frith-víreasacha a thabhairt dó. Den chuid is mó, ní bheidh aon leigheas ann seachas leaba, scíth, uisce agus pianmhúcháin go dtí go mbeidh sé caite acu.

Ar cheart go mbeadh imní orm?

Mar gheall ar an dá bhliain atá curtha isteach againn, luíonn sé le réasún go mbeadh muid imníoch. Tá faitíos an domhain orainn go gcuirfear faoi ghlas arís muid. Go dtí seo, níl an víreas bolgaí moncaí leath chomh tógálach le galair eile. Feictear a lorg ar an gcraiceann (ní fearacht COVID-19 atá in ann a bheith inár measc go rúnda). Bhris ráigeanna de amach anseo is ansiúd le leathchéad bliain anuas agus ceansaíodh é. Deir na húdaráis sláinte nach bhfuil aon imní mhór ann don phobal, ach a bheith airdeallach má mhothaíonn tú na comharthaí. Tá súil agam, agus mé ag tosnú mo chéad bhliana ag obair mar dhochtúir, go bhfuil an ceart acu.

Close
Close