Aodhán Ó Baoill
Nuair a smaoiníonn duine ar shláinte na bhfear na laethanta seo, is dócha gur ar an mheabhairshláinte a bhíonn an aird is mó. Gach bliain, feiceann muid na staitisticí agus na huimhreacha ag teacht amach faoin oiread daoine, agus faoin oiread fear, atá ag streachailt lena sláinte intinne, agus na daoine bochta seo a chuir lámh ina mbás féin dá bharr sin. Briseadh croí atá sna huimhreacha sin, agus ní mór cuimhneamh go bhfuil duine, fíordhuine daonna, taobh thiar de gach scéal acu sin.
Ach cad chuige a bhfuil an oiread sin daoine agus fear ag streachailt lena meabhairshláinte faoi láthair? Cad chuige a bhfuil na huimhreacha seo ag méadú gach bliain?
Bhuel, ar dtús, níl mé i mo shaineolaí meabhairshláinte, ná baol air. Tá daoine ann a bhfuil cáilíochtaí i bhfad níos fearr acu ná mar atá agam féin le cur síos a dhéanamh ar na fadhbanna seo. Ach ar bhonn pearsanta, bhí tréimhsí dúshlánacha agam féin le mo linn. Tréimhsí nuair nach raibh rudaí go hiomlán i gceart i m’intinn agus bhí mé ag streachailt le cúrsaí saoil nó oibre nó caidrimh. Bhí an t-ádh orm i gcónaí go raibh duine éigin ann a dtiocfadh liom labhairt leo, agus mar sin níor mhiste liom mo spéic a dhíriú ar an ábhar seo.
Bhí mé á phlé ruda le cara an oíche faoi dheireadh. Dúirt sé liom go raibh sé ag streachailt go mór le cúrsaí oibre na laethanta seo. Ní ar an ábhar nach bhfuil sé ag obair in áit mhaith, tá, nó nach réitíonn sé lena chuid comhghleacaí, réitíonn go mór, ach go mothaíonn sé gan feidhm nó chuspóir ina chuid oibre. D’fheicfeadh sé na daoine seo ar líne agus an chuma orthu go bhfuil gach rud foirfe ina saol agus go bhfuil ag éirí go hiontach leo ina chuid oibre. Tá sé seo ag cur isteach go mór air nó go mothaíonn sé féin nach bhfuil gá ar bith lena chuid oibre féin. Ní hamháin sin, mothaíonn sé nach bhfuil ag éirí leath chomh maith lena shaol agus atá le saolta na ndaoine eile seo.
Mar is eol dúinn, fainne fí atá sa timthriall smaointeoireachta seo, agus d’admhaigh mo chara liom gur tháinig droim dubhach de chineál éigin air mar gheall air.
Ach de réir mar a chuaigh ár gcomhrá ar aghaidh tháinig muid chun conclúide; ní mar a shíltear a bhítear. Nuair a amharcann muid ar Instagram nó TikTok nó ar líne, ní fheiceann muid ach buaicphointí saoil na ndaoine seo. Ní fheiceann muid na gnáthrudaí agus gnáthfhadhbanna laethúla a bhíonn acu, mar a bhíonn ag achan duine ar an domhan seo. Agus mar sin, síleann muid a bheag dúinn féin agus a mhór daofasan. Phléigh muid seo agus dúirt sé ag deireadh an chomhrá gur chuidigh sé go mór leis.
Nuair a shuigh mé síos leis an alt seo a scríobh bhí mé ag iarraidh teacht ar ábhar plé le comhthéacs a thabhairt don Mhí Feasachta um Shláinte na bhFear agus phreab sin go barr mo chinn láithreach. Mothaím gur meafar atá sa chomhrá sin ar nósanna athraithe maidir le sláinte a phlé go hoscailte. Roinnt blianta ó shin, seans maith go mbeadh sé deacair d’fhir na comhráite seo a bheith againn. In Éirinn na seanlaethanta, dúradh le fir go raibh orthu a bheith “láidir” agus “stuama” agus gan a gcuid mothúchán a phlé le duine ar bith. Cuireadh rudaí i bhfolach agus d’fhulaing daoine dá bharr.
Agus ní i bhfad ó shin a bhí na nósanna seo sa tsochaí ach an oiread! Is cuimhin liom féin a bheith ag streachailt in amanna nuair a bhí mé ag fás aníos, mar a bhíonn go leor déagóirí, agus mhothaigh mé nach raibh mé in ann labhairt le duine ar bith, cé go raibh cairde agus teaghlach thart orm a raibh grá agam dom. Ach mar a luaigh mé ag tús an ailt, nuair a chinn mé sa deireadh labhairt le daoine faoi mo chuid fadhbanna, baineadh ualach ó mo ghuaillí agus mhothaigh achan fhadhb rud beag ní b’éadroime.
Agus nach láidre i bhfad atá muid anois agus é inghlactha gur féidir le daoine a gcuid mothúchán a phlé gan eagla? I mbliana, agus muid i lár na Míosa Feasachta um Shláinte na bhFear déanaimis rún leis an tsláinte agus an mheabhairshláinte a phlé go hoscailte. Ní cúis náire í, ach a mhalairt. Is cúis bhróid í go bhfuil dul chun cinn mar shochaí déanta againn - pléimis go hoscailte é.



