Tuiscint agus gníomh daingean an tslí le dul i ngleic le braiteoireacht vacsaíní

Máire Treasa Ní Cheallaigh

Níl aon mhaith caint leo i ndáiríre. Nó níl aon mhaith iarracht a dhéanamh ciall a chur ina gcloigeann. Na daoine atá glan in aghaidh vacsaíní, is mar gheall ar chúiseanna atá i bhfad ó chiall atá siad amhlaidh. Mar sin, ní bheidh aon tionchar ag do chuid cainte orthu seachas strús duitse. Caithfidh muid fáil níos cliste ag déileáil leis na daoine seo, agus tuiscint cén fáth a bhfuil siad ar an mbóthar seo.

Bíonn a gcuid údar féin ag daoine roghnú gan aon mhuinín a bheith acu i vacsaíní. B’fhéidir go raibh droch-eispéireas acu le dochtúir nó oideas leighis de chineál tráth. Go minic, níl ann ach gur mhothaigh siad nár éistíodh leo nuair a chuir siad ceist nó nuair a léirigh siad imní faoi rud éigin. Caithfidh dochtúirí a bheith níos cúramaí ina gcuid cainte. Tá an lá go raibh an dochtúir ag caint síos le hothar imithe, agus is rud maith é sin. Faraor, tarlaíonn sé fós. B’fhéidir nach bhfuil aon mhuinín acu i bpolaiteoirí agus, de réir a chéile, téann siad síos tollán a thugann chuig drocháit iad. Nó titeann siad faoi dhraíocht an té atá ag gealladh gach méine dóibh, mar a tharla i Meiriceá faoi Donald Trump agus le lucht an Bhreatimeachta sa Bhreatain. Fiú nuair a thaispeántar dóibh go bhfuil daoine ag fáil bháis, nó nach bhfuil stoc ar na seilfeanna, ní ghlactar leis mar fhianaise. Cé go bhfuil sé curtha idir an dá shúil acu.  

Céard is féidir a dhéanamh mar sin? Níl na daoine seo chun éisteacht le réasún. Níl aon mhaith a bheith ag impí ar dhaoine a roghnaíonn gan vacsaín a fháil mar go mothaíonn siad nach bhfuil siad in aon bhaol mór. Is cuma leo go bhféadfadh sé seanbhean síos an bóthar a mharú. Ní chreideann siad é ar aon chuma. Agus fiú dá dtarlódh sé tá both macallaí breá fairsing acu ar an idirlíon a chínnteoidh go bhfuil an cinneadh ceart déanta acu. Tá teoiric ag síceolaithe a dtugtar tionchar Dunning Kruger air. Ceapann daoine go bhfuil saineolas i bhfad níos leithne acu ar ábhar ná mar atá, cé nach bhfuil aon oideachas eolaíochta ná leighis faighte acu, seachas an méid atá feicthe acu ar Facebook. An rud is contúirtí faoi seo ná nach dtuigeann siad an méid nach bhfuil ar eolas acu. Tarlaíonn sé seo mar is bealach é ag ár n-inchinn próiseáil a dhéanamh ar eolas go tapa agus mar iarracht aon pholl oideachais atá againn ar ábhar a líonadh. Faraor, is minic go líontar na poill le mífhaisnéis.

Is féidir a aithint an té atá imníoch ón té atá dána. Ba cheart dúinn díriú ar na daoine atá imníoch. Ar bhealach, níl sé craiceáilte ar chor ar bith go mbeadh duine fiosrach faoi ceard atá i vacsaín. Go háirithe nuair nach féidir na comhábhair a fhoghrú! Ba cheart deis a thabhairt dóibh an t-eolas a aimsiú ó fhoinsí feiliúnacha. Má thosnaíonn muid ag gáire fúthu, nó ag tabhairt amadáin orthu, rachaidh siad síos an tollán.  

Caithfidh rialtais ar fud an domhain a chinntiú go bhfuil siad ag tabairt na dteachtaireachtaí cuí do dhaoine. Ó thosaigh Boris Johnson ag caint ar ‘Freedom Day’ bhí an iomarca daoine a chuala go raibh an phaindéim thart. Cliseadh ar mhascanna, agus ní raibh an luas céanna faoi dhaoine ag dul chuig na hionaid chun vacsaín a fháil. Caithfidh na meáin shóisialta a gcuid stocaí a tharraignt suas. Má tá Instagram in ann bean a bhlocáil mar gur chuir sí suas pictiúr di féin ag beathú a linbh ón mbrollach, tá siad in ann ráflaí áiféiseacha faoi COVID-19 agus vacsaíniú a dhíbhirt chomh maith. Tá árdain mar Facebook agus Instagram ag cothú na mífhaisnéise seo.  

Faraor, agus tá súil agam nach gcuirfidh sé seo lagmhisneach ort, níl mórán atá mise ná tusa in ann a dhéanamh faoi seo. Seachas ceisteanna a fhreagairt má thagann siad chomh fada linn, nó foinsí eolais neamhspleách agus feiliúnach a roinnt leo agus ar ár gcuid ardán féin. Tá teaghlaigh scriosta ag daoine a roghnaíonn dul síos an tollán. Níl aon neart ag go leor acu air. Bhí an bhunchloch iontu riamh, agus ansin fritheadh deis orthu ar Facebook nuair a bhí siad sáinnithe sa mbaile. Tá céatadán beag atá ag déanamh brabús as. Tá a fhios againn cé hiad féin. Tá a fhios acu céard atá ar bun acu. Ní leigheasfaidh tada iad ach an dlí agus fáil réidh leo ón idirlíon. 

Close
Close