Tonn Ghorm SAM - cad a chiallaíonn sé do Trump?

Jack Mac Íomhair

Is cinnte go bhfuil na radhairc ar fad feicthe agaibh ag an phointe seo. ‘Hope-core’ mar a chuirtear síos air sna meáin shóisialta.

Seachtain shuntasach a bhí ann i Stáit Aontaithe Meiriceá (SAM) agus bua ollmhór ag na Daonlathaithe sna toghcháin lár téarma. Bhain na daonlathaithe seilbh ar ais ar Theach na nIonadaithe agus ar an Seanad. Tá liosta mór fada de thorthaí stairiúla a tháinig amach ó na toghcháin seo. Mar shampla, tá an chéad bheanghobharnóir dubh in Georgia agus Keisha Lance Bottoms tofa ann sin. Chomh maith leis sin, tá an chéad bheanghobharnóir bundúchasach tofa, rud a tharla in New Mexico agus Deb Haaland tofa ann. Mar atá luaite agam, is liosta le háireamh iad na buanna stairiúla a thit amach.

Ceann de na rudaí is feiceálaí go hidirnáisiúnta ná gur toghadh an chéad Seanadóir Moslamach i SAM, Abdul El-Sayed. Toghadh El-Sayed in ainneoin feachtas fuatha ina éadan ón Pháirtí Poblachtánach. Dúirt Trump faoi El-Sayed gur fhear gránna é a raibh greadadh tuillte aige.

Rud an-suntasach eile ná go raibh James Talarico in ann Texas a thiontú gorm, mar a deirtear sna Stáit. Bhain na daonlathaithe an ghobharnóireacht amach agus beidh seilbh acu ar Theach na nIonadaithe sa stát fosta. Is é an chéad uair le breis agus 30 bliain a bheidh Seanadóir daonlathach in Texas.

Cad iad na himpleachtaí mar sin a bheidh ag bua mór na Daonlathaithe d’Uachtaránacht Trump?

Ar an chéad dul síos, laghdaíonn sé an chumhacht atá ag Trump mar gheall nach bhfuil seilbh ag na Poblachtánaigh ar Theach na nIonadaithe nó ar an Seanad. Is féidir leis na Daonlathaithe stop a chur le Trump a pholasaithe a chur fríd thithe an rialtais anois.

Níos tábhachtaí fós, is féidir leis na Daonlathaithe cumhachtaí a úsáid chun grinnscrúdú a dhéanamh ar Trump agus fiosrúcháin a thoiseacht maidir leis na cinntí a ghlacann sé.

Ar a bharr sin ar fad, tá drochscéal eile ann do Trump. Go dtí seo as na 26 iarrthóir ar thug Trump tacaíocht dóibh, chaill 13 acu. Agus as na 23 ar thug Trump tacaíocht dóibh sna toghcháin ghobharnóireachta, níor éirigh ach le naonúr acu.

Is léir go bhfuil fochiall dhiúltach ag baint le tacaíocht ón Uachtarán anois dá réir.

Dúirt Leas-Uachtarán SAM, JD Vance, go bhfuil a fhios ag gach duine na cúiseanna ar chaill siad go mór sna toghcháin lár téarma. D’admhaigh sé féin go raibh an cogadh san Iaráic taobh thiar de na cailliúintí.

D’aontaigh Trump le Vance, ag rá go raibh sé fíor gurb é sin an chúis leis na cailliúintí ó tharla gur ardaigh praghsanna gásailín dá bharr.

Mar gheall air seo, an mbeidh Poblachtánaigh i dtithe an rialtais faoi láthair ag iarraidh a bheith chomh cóngarach le Trump is a bhíodh? Is dócha nach mbeidh, ach beidh le feiceáil faoin dóigh a dtéann sé sin sna míonna agus sna blianta beaga atá le teacht.

Cé go bhfuil cuid mhór cumhachta bainte de Trump anois, dúirt sé go mbeidh sé ag feidhmiú mar Mr Veto sna míonna amach romhainn go dtí go mbainfear comhréiteach amach leis na Daonlathaithe.

Tugann na torthaí seo fuinneamh do na Daonlathaithe fosta, agus cúpla bliain roimh an toghchán Uachtaránachta is cinnte go mbeidh siad ag iarraidh leas a bhaint as an mhóiminteam agus bogadh chun tosaigh.

Close
Close