Katie Saoidhbh McGreal
Thosaigh mé ag cleachtadh ióga blianta ó shin i mBéal Feirste agus thaitin sé go mór liom. Is bealach é le haireachas a chleachtadh tríd an gcorp a úsáid in ionad díreach a bheith ag smaoineamh ar an anáil agus a bheith i do shuí go ciúin. Bhí sé thar cionn ach tar éis dom mo chéad chúrsa aireachais a dhéanamh le múinteoirí Vipassana - cleachtas ina suíonn tú go ciúin agus tú ag díriú ar an anáil - d'éirigh mé as an ióga.
Mhothaigh mé nach raibh an t-am agam tabhairt faoi gach rud: 30 nóiméad nó níos mó i mo shuí go ciúin le m’anáil agus mo smaointe, agus ióga a chleachtadh freisin? Ní hea.
Tá mé ag cleachtadh aireachais anois le hos cionn 10 mbliana agus is breá liom é. D’athraigh sé mo shaol.
Nuair a bhog mé anseo go dtí an Ghailís, d’aimsigh mé ionad ióga a dhéanann ranganna saor in aisce de mhantraí ióga. Is breá liom a bheith ag canadh mantraí agus thosaigh mé ag freastal ar na ranganna gach seachtain. Ansin, thosaigh mé ag dul dhá uair sa tseachtain agus nuair a thosaigh siad cúrsa deireadh seachtaine iarradh orm a bheith páirteach ann. Cúrsa bunaithe ar theagasc ióga Patanjali atá ann. Nuair a dúirt mé go ndéanfainn é, ní raibh cliú agam céard a bhí in ann dom ach shíl mé gur bealach maith a bheadh ann bualadh le daoine nua i dtír agus i gcathair nua, agus bhí an ceart agam. Tá aithne agam ar go leor daoine cineálta áille anois ach ní sin an rud is mó atá bainte amach agam ón teagasc seo, nó ón ióga féin. Tá i bhfad níos mó faighte agam freisin, nach bhfuil focal ann dó.
Le linn an chúrsa sé mhí seo, bhíodar ag caint faoin gcleachtadh rialta ióga agus an t-am ar fad bhí mé ag smaoineamh liom féin: “tá cleachtadh aireachais de mo chuid féin agam. Níl mé ag iarraidh é a athrú. Ní athróidh mé é. Níl an tsuim nó an t-am agam ióga a dhéanamh chomh maith.”
Bhí m’intinn an-diongbháilte nach n-athróinn mo chleachtadh féin. Agus ar feadh os cionn sé mhí, níor athraigh mé é. Dhiúltaigh mé ióga a chleachtadh sa bhaile, beag beann ar a ndúirt siad le linn an chúrsa. Agus ní hea go raibh siad ag cur brú orm, bhí mé ag cur brú orm féin ag smaoineamh “gur ceart dom cleachtadh rialta ióga a bheith agam”. Ach aon am a chloisim “gur ceart dom” rud éigin a dhéanamh, diúltaím é a dhéanamh amach is amach!
Ansin, cúpla mí ó shin, rith sé liom go d’fhéadfainn cur le mo chleachtadh aireachais. Gan an cleachtadh a chailliúint, díreach píosa ióga a dhéanamh sula suím síos, ag smaoineamh ar conas a mhothaíonn m’anáil.
Mar sin, os cionn sé mhí tar éis dom tús a chur leis an gcúrsa faoi theagasc Patanjali agus os cionn sé mhí de bheith ag éisteacht le daoine ag labhairt faoin maitheas a dhéanann an cleachtadh ióga rialta, thosaigh mé mo chleachtadh ióga féin.
Níor chreid mé an difear a rinne sé de mo chleachtadh aireachais análaithe.
An cleachtadh a bhí agam, dhúisigh mé ar maidin, rinne mé an leaba agus deoch uisce dom féin agus shuigh mé ar feadh 16 nó 22 nóiméad le mo shúile dúnta agus m’intinn dírithe ar m’anáil. Ach le bheith ionraic, bhí an oiread sin smaointe agam le linn an 16 nó 22 nóiméad sin - is minic a chríochnaigh mé é ag smaoineamh gur ceart dom tréimhse eile a dhéanamh.
Anois agus ióga á dhéanamh agam roimhe, bíonn m’intinn i bhfad níos ciúine, tá mé níos airdeallaí ar mo cholainn le linn an chleachtaidh agus i mo shaol trí chéile. Airím i bhfad níos suaimhní i ndiaidh mo chleachtaidh anois agus mholfainn go mór bogadh a dhéanamh sula ndéanfaidh tú cleachtadh aireachais suite.
Bíonn go leor fuinnimh agus teannais againn sa cholainn agus nuair a bhogann muid, scaoileann muid cuid de. Gan an teannas, tá sé níos éasca dúinn a bheith níos suaimhní agus ár n-intinn a chiúnú.
Mar sin, ní gá duit fanacht sé mhí agus níos mó ná deich mbliana mar a rinne mise, tosaigh ag déanamh beagán bogtha sula suíonn tú síos le d’anáil inniu agus abair liom conas a éiríonn leat! Ní bheidh aiféala ort!



