Trump, an preas agus fhírinne

Concubhar Ó Liatháin

An gcuireann aon rud a dhéanann nó a dheireann Donald Trump, Uachtarán SAM, iontas orainn níos mó?

An mó conradh idirnáisiúnta atá saraithe aige, an mó masla atá tugtha aige do cheannairí domhanda, an mó ráiteas bladhmannach atá déanta aige leis an lasair a chur sa bharrach?

Agus ná labhraímis faoi na scannail éagsúla a bhaineann lena shaol pearsanta, a chúrsaí gnó nó an fiosrú faoi na ceangail - más fíor - idir a fheachtas toghcháin agus an Rúis.

Ní chuireann aon rud iontas orainn níos mó.

Is cinnte nach gcuireann cibé scannal a thagann chun cinn ar a bhfuil stampa 'Trump' isteach ar a vótairí mórán.

Tagann siad amach agus cuireann siad tic sa bhosca cuí ar a shon, cibé rud a tharlaíonn.

Is ait an scéal, mar shampla, go bhfuil an tacaíocht is láidre don Trumpach ina measc siúd a deir gur Críostaithe iad agus iad coimeádach ar chúrsaí moráltachta agus é os comhair an tsaoil go raibh caidrimh aige le mná ná raibh sé pósta leo agus é pósta le Melania Trump agus, go deimhin, ní raibh sé ródhílis do mhná eile a raibh sé pósta leo roimh ré Melania.

Ach mar a deir siad faoin pholataíocht, is ionann í agus ealaín na féidearthachta.

Tá go leor cainte sna meáin mar gheall ar an méid a tharla le linn preasaócáide a reáchtáil Trump sa Teach Bán an tseachtain seo caite agus é ag iarraidh gairdeas a dhéanamh ar thorthaí na dtoghchán meántéarma.

Mar a tharlaíonn ag na hócáidí seo le linn ré an Trumpaigh, b'ócáid lán le teannas é.

Ní hionann na comhfhreagraithe a bhíonn i láthair agus an slua tacadóirí a bhíonn ag freastal ar na hollslogaí ag a mbíonn Trump ag labhairt gach seachtain nach mór más aon tomhas iad na tuairiscí a thagann ar na meáin shóisialta.

Mar is dual dóibh, ceistíonn na hiriseoirí an tUachtarán faoina chuid ráiteas is polasaithe.

Ag an bpreasócáid seo thóg Jim Acosta ó CNN ceisteanna faoin mhéid a dúirt i rith an fheachtais faoi 'charbhán teifeach' a bhí, dar le fógra a d'eisigh Trump, chun 'ionradh' a dhéanamh ar Mheirceá.

Mheabhraigh fear CNN don Uachtarán gur glacadh an físeán a úsáideadh san fhógra i bhfad ó theorainn SAM, na céadta, céadta míle ón dteorainn go deimhin.

“Ní aisteoirí a ba iad - tharla sé,” a duirt Trump, ag déanamh beag de na mionshonraí a raibh Acosta ag tagairt dóibh.

Ansan thosnaigh sé ag maslú Acosta agus an t-iriseoir ag iarraidh freagra a fháil ar a cheist.

Rinne bean óg, intéirneach i bhfeidhmeannas an Tí Bháin, iarracht an micreafón a bhaint d'Acosta agus níor ghéill sé é go héasca.

Agus Donald Trump ag cur 'fake news' i leith fhear CNN agus a chomghleacaithe sna meáin, bhí an oifig phreasa sa Teach Bán ag ullmhú físeán a dhéanfadh iarracht an chuma a chur ar an scéal gur leag Acosta a lámh ar an intéirneach.

Bhí sin ar chúl an ráitis a d'éisigh an Teach Bán ar ball ag baint cead d'Acosta a bheith i láthair ag ócáidí mar seo feasta - drochbhuile d'fhear atá ceaptha le bheith ina chomhfhreagraí sa Teach Bán ag CNN.

Is cinnte go bhfuil caidreamh aisteach idir Trump agus na meáin.

Bhí lámh ag na meáin i dtoghchán Trump sa mhéid is gur thug siad ardán dó a bheith ag baint úsáid as a reitric riastrúil i ngach seomra suí sa tír, agus ar gach fón póca gan amhras.

Bhain sé úsáid as an ardán go máistriúil.

Ach anois táimíd i ré eile, ré na cumhachta.

Agus anois tá Trump ag úsáid a chumhacht ar bhealach a dhéanann beag den fhírinne.

Níl san fhírinne níos mó ach tuairim nó barúil. Agus tá barúlacha eile atá ann.

Agus is léir nach bhfuil a chumhacht ag laghdú - tá sé ag treisiú.

Táimid faoi gheasa ag an an méid a fheicimid ó Mheircea lá i ndiaidh lae.

Is é an seó is tarraingtí ar chlár na cruinne é - tá gnéas agus cumhacht ann, tá cogaí sráide ann, mar a chonaiceamar i Charlottesville.

Tá doirteadh fola ann gan amhras.

An mó sléacht scoile nó ollslad sráide atá feicthe againn ó toghadh Trump?

Bhí siad ann le linn ré Obama gan amhras ach ní doigh liom gur mo shamhlaíocht amháin a deir liom go bhfuil na heachtraí tragóideacha seo ag tarlú níos minice anois.

Is minice ná a mhalairt gur iarsaighdiúirí nó aonaráin eile a bhíonn ar a gcúl - seachas sceimhlitheoirí a bhaineann le gluaiseachtaí ar nós an Stáit Ioslamaigh.

Ní gá duinn a bheith ag ceapadh gur i SAM amháin atá an choimhlint seo idir an fhírinne agus an bhréag ag titim amach.

Tá sé thart orainn anseo san Eoraip agus is cuid den Eoraip í Éire agus, in ainneoin a cheapann siad, an Bhreatain.

Feictear domsa gur chuid den ghluaiseacht chéanna iad Trumpachas agus an Breatimeacht.

Cuireann Trump an locht ar imircigh as fadhbhanna Mheirceá, díreach mar a chuireann lucht tacaíochta an Bhreatimeachta an milleán ar an Aontas Eorpach agus an 'easpa cumhachta' atá acu sa bhaile as a bhfadhbanna féin.

Tá sé tábhachtach a thuiscint go mbaineann na fadhbanna seo le 'mothú' seachas leis an fhírinne lom.

Tá roinnt de thacadóirí an Bhreatimeachta - ar an eite dheis agus ar an eite chlé - tar éis rudaí a admháil le déanaí faoin bhearna seo idir a mothúcháin agus an fhirinne.

Dúirt Runaí Stáit an Bhreatimeachta, Dominic Raab, le déanaí go raibh iontas air go an oiread san tábhachta ag baint leis an trádáil idir Dover agus Calais do rath geilleagrach na Breataine.

Cheapfadh duine go raibh sin chomh soiléir sin nach bhféadfaí a bheith dall air.

Shamhlófá go mbeadh na meáin tar éis seo a chur ar a súile don Bhreatain fadó riamh - ach d'éirigh leis an mBreatimeacht mar go raibh sé bunaithe ar mhothú seachas ar fhírinne.

Tá trachtairí is fórsaí polaitiúla in Éirinn ag iarraidh leas a bhaint as an straitéis chéanna chun teacht i dtír ar mhothúcháin le teacht i gcumhacht.

Tharla sé, dar liom, sa toghchán uachtarántachta nuair a labhair Peter Casey ar an lucht taistil agus thug sin deis do go leor a mothúcháin i leith lucht taistil agus mionlaigh eile a chur in iúl go poiblí.

Níl aon leigheas air seo ach leanúint ag seasamh leis an bhfírinne in éadan na bréagnuachta - agus bréag an tírghrá - atá in úsáid ag Trump is a leithéid. 

Close
Close