Tóg go mall é

Louise Smith

“Ar mhaith leat damhsa?” 

Ceithre fhocal a bhí furasta go leor a rá roinnt blianta ó shin ag am ar leith le linn na hoíche amuigh.

An “slow set”.  An tráth den dioscó nuair a tugadh “cead” do rómánsaithe óga uaillmhianacha leac an doichill a bhriseadh agus damhsa a iarraidh ar dhuine eile.

Do dhaoine a raibh féith na rómánsaíochta iontu, ba phointe speisialta draíochtúil é a thug deis do na fir (den chuid is mó) dul a fhad leis na mná (den chuid is mó) chun croí a mhealladh, nó b’fhéidir póg a aimsiú go díreach. 

Tá cairde de mo chuid atá sna fichidí nach bhfuil a fhios acu cad is seit rince mall ann.  Níl a fhios agam cá huair a d’imigh sé as cleachtadh rialta, ach d’imigh.  Mar nós, shleamhnaigh sé amach an doras cosúil leo siúd a d’fhág an t-urlár damhsa go ciúin ina mbeirteanna, le haithne níos fearr a chur ar a chéile agus an t-amhrán “Hungry Eyes” á chasadh sa chúlra.

Is cuimhin liom féin go maith é. An slow-set.  Leath bealaigh tríd an dioscó áitiúil tuaithe, nó i dtreo dheireadh na hoíche roimh Amhrán na bhFiann fiú.  

Bhíodh athrú atmaisféir le mothú ar an toirt.  Thiteadh luas an cheoil agus díreach ag an am céanna d’ardaíodh teocht an tseomra.

Comhartha a bhí ann ón DJ go raibh an t-ionú tagtha, go raibh seans sealadach intuigthe ann agus gur chóir do dhaoine an deis sin a thapú.  Go ginearálta sa tréimhse sin, ba iad na stócaigh a raibh an dualgas orthu dul a fhad leis na mná óga.  Chuidigh sé le misneach na bhfear, is dócha, má bhí cúpla pionta iontu mar thiocfadh dó a bheith dúshlánach go maith do dhuine ar bith a bhí ciúin, cúthail, cotúil.

Go traidisiúnta, is dócha go mbeadh na mná ag dréim leis na fir a theacht chucu lena gcuid suime a léiriú, ach ní raibh aon rialacha dochta daingne ann fad is go raibh tú misniúil go leor dul agus ceist a chur ar dhuine do mhian.

Ag smaoineamh siar, chruthaíodh an “slow set” rud beag teannais ar an urlár damhsa.  Bhíodh na leaideanna uilig le chéile sa choirnéal nó ar imeall an urláir agus nuair a thugadh an DJ an solas glas dóibh bhíodh siad ag bogadh go mall i dtreo na mban, stócaigh áirithe níos muiníní ná a chéile.  Ag an am céanna, bhíodh na cailíní bailithe timpeall ar a chéile ar nós cuma leo, ag cur i gcéill nach bhfaca siad na fir ag teacht.  

“An bhfuil sé ag teacht?” á rá acu i gcogar faoin leaid ab ansa leo.  

An rud a bhí maith faoin chleachtadh sóisialta seo ná nach diúltú mór a bhí ann dá ndeireadh duine nach raibh siad ag iarraidh damhsa.  Ní raibh ann ach damhsa sa deireadh thiar.  Ach an chuid is mó den am sílim go bhfuair formhór na n-iarrthóirí dóchasacha an freagra a raibh siad ag dúil leis.

Nós soineanta go maith a bhí ann do dhéagóirí mo linne.  Thug sé deis do dhaoine óga aithne a chur ar a chéile agus céim thrialach a thógáil isteach sa saol rómánsaíochta ar leibhéal iontach bunúsach.  

Níos moille anonn agus mé sna fichidí bhí an nós go fóill ann i gclubanna áirithe.  Is cuimhin liom go maith an cheist chéanna a chluinstin i Lacey’s i gcontae Lú mar shampla agus fiú amháin nuair a bhí mé ar an ollscoil.  “Ar mhaith leat damhsa?”  

Cé nach bhfuil mé ag iarraidh é a chluinstin níos mó go pearsanta, sílim gur chaill an tsochaí nós luachmhar fiúntach nuair a d’imigh an “slow-set”.  Tá go leor daoine, fir agus mná, atá go fóill singil agus iad mall sna fichidí agus sna tríochaidí.  Tá cuid acu breá sásta leis sin ach tá daoine eile ar mhaith leo a bheith mar chuid de lánúin.  Ní féidir liom iomlán an lochta a chur ar imeacht an “slow set” ach sílim go gcailltear go leor deiseanna sóisialta sa lá atá inniu ann.  Tá athrú suntasach tagtha ar an dóigh a mbíonn daoine ag déanamh cumarsáide lena chéile, bíodh sé sa phub, sa chlub oíche nó ag ceolchoirm fiú.

Tá mise go mór i bhfách le forbairtí teicneolaíochta sa saol sóisialta ach feicim go leor dóigheanna a gcuireann siad baic roimh ghnáthchumarsáid agus chomhrá.  Má fheiceann fear nó bean duine a bhfuil suim acu iontu sa lá atá inniu ann, sílim go mbíonn sé níos deacra an chéad chéim a thógáil.  

Go hiondúil sna laethanta seo, má bhíonn duine leis féin ar feadh cúpla bomaite ar oíche amuigh agus a chara ag an bheár, tagann an fón amach láithreach.  Bacainn atá ann nuair nach bhfuil bacainn de dhíth.  Go híorónta, cuid mhaith den am bíonn daoine ag amharc ar aip gheandála in áit amharc thart orthu le cumarsáid cheart a dhéanamh le fíordhaoine atá ina gcuideachta.

Seans go dtiocfadh an “slow-set” ar ais i bhfoirm dhifriúil mar a tharlaíonn le go leor iarsmaí cultúir sa saol seo.  Tá cuma leamh air anois, b’fhéidir, mar nós i measc na n-óg agus níl mórán spáis ann don “slow-set” i gclubanna comhaimseartha ach bhí feidhm fhíorfhiúntach leis tráth.  Go fóill fiú is modh maith cumarsáide é damhsa is cuma cén luas.

Cá bhfios, b’fhéidir go bhfeicfidh muid an “slow-set” arís go luath mar chuid den chéad aip gheandála eile.  Cibir-rince!  Seans gurb é sin an freagra do shaol rómánsaíochta ár linne, aip a thugann deis do dhaoine damhsa go mall le chéile gan a bheith sa seomra céanna choíche go deo.  Foirfe.

Close
Close