Tá tábhacht leis an nuacht áitiúil

Conchubhar Ó Liatháin

Tá Oíche Shamhna chugainn ach ní bheidh aon chaint ar an ‘B-fhocal’ san alt seo in ainneoin tábhacht ar leith a bheith leis an dáta, an 31 Deireadh Fómhair, i mbliana thar bhlianta eile.

Cé nach samhlófá é, tá scéalta eile sa saol seo seachas tragóid an B-fhocail.

Go deimhin, go dtí gur thosnaigh mé ag obair le nuachtán áitiúil i mo chontae dúchais le déanaí, bhíos den tuairim ná raibh ach aon scéal amháin sna hoileáin seo agus fiú, má bhí cuma éagsúil ar scéal eile, dá leanfá na préamhacha siar, bheadh nasc éigin aige leis an B-scéal.

Ar aon nós, is tuairisceoir mé anois leis an nuachtán Corcaíoch, The Corkman, agus bím sa tóir ar scéalta faoi mo phobal féin, scéalta faoi ghradaim atá buaite acu, éachtaí atá bainte amach acu, leabhair atá scríte acu... a scéalta féin ina bhfocail féin.

Ar nós go leor nuachtáin áitiúla eile, tagann sé amach uair sa tseachtain. Sa tslí sin bíonn ar na scéalta ann a bheith chomh húr agus inléite ar an Déardaoin nuair a fhoilsítear an nuachtán is a bheidh an Chéadaoin ina dhiaidh sin nuair atá an nuachtán á úsáid chun leaba nua a dhéanamh don chat.

Cé go bhfuil an nuachtán ar líne, ní nuachtán é atá ag marcaíocht na dtonn ar fharraigí garbha na meán sóisialta an oiread le nuachtáin eile. Maireann an nuachtán de bharr go gceannaítear é agus go léitear é, go mbíonn lucht gnó á úsáid chun a gcuid earraí is seirbhísí a chur in iúl do na léitheoirí agus iad a mhealladh chun gnó a dhéanamh leo.

Saol leochaileach é saol na nuachtán áitiúil nó níl sé i bhfad ó slogadh an nuachtán ó Chontae an Chláir, The Clare People, in iomar dorcha na ngnóthaí caillte. B’fhéidir go raibh baint ag an ‘B-fhocal’ leis an scéal sa mhéid is go gcothaíonn an éiginnteacht fé sin amhras faoin dtodhchaí agus ní bheathaíonn a leithéid na bráithre fograíochta san earnáil seo.

Idir an T-Uachtarán agus an B-fhocal, tá go leor dochair déanta dár meon aigne ag na scéalta éagsúla a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad dár n-ionsaí i rith an ama.

Bíonn drochscéal ann a bhaineann le ceann de na nithe nó eile, agus ansan bíonn aisfhreagra feargach agus géaraíonn an trasnáil go dtí go mbíonn sé in am do scéal nua chun an fhearg a choimeád ag dul. Ciogal eile nuachta, ciogal eile feirge, trasnála agus struis.

Ceann de na scéalta is mó a thug faoiseamh dom ón gciogal mallaithe sin go raibh sé d’adh orm a bheith ag tuairisciú ar an bhfáilte atá curtha roimh lucht iarrtha tearmainn i Maigh Chromtha ag pobal an bhaile Mhúscraíoch.

Ag an am céanna a fógraíodh go mbeadh teifigh á lonnú in Uachtar Ard, i mbéal scoilbhliana nua agus gan aon chomhairliúchán idir na húdaráis agus an pobal áitiúil, socraíodh go mbeadh teifigh, tuairim is 120 fear, bean agus páiste ó thíortha ar fuaid na cruinne atá faoi bhraighdeanais éagsúla, á lonnú in óstán ar imeall an bhaile.

Bíonn go leor achasán is maslaí gránna á gcaitheamh le teifigh ar na meáin shóisialta (an téarmaíocht is bréige amuigh ansan?) ach tá leathnach Facebook ag muintir Mhaigh Chromtha ag fógairt gurb iad ‘Cairde na dTeifeach’.

Chuir siad ócáid ar siúl i gcumann spóirt áitiúil chun fáilte a chur roimh na teifigh agus bhailigh siad seanéide scoile ó na comharsana chun a thabhairt do na páistí. Bhí féile bia acu agus bhí na teifigh ag cócaireacht is ag cur bia a dtíortha dúchais ar fáil don bpobal. Nuair a bhuaigh an baile bonn cré umha i gComórtas na mBailte Sláchtmhara, dúirt cathaoirleach an choiste sin go raibh cuid mhór den gcreidiúint ag dul do na teifigh as an gcéim chun tosaigh. Sa chéad anáil eile thug sé íde béil do ghnónna áirithe sa bhaile mar gheall gur míshlachtmhar a bhí cuid de na gnónna céanna.

Beidh mé ag dul chun cainte leis na teifigh go luath, tá súil agam, chun cuid dá scéalta a fháil. Cad as ar tháinig siad agus cad a cheapann siad faoina saol in Éirinn.

Is gaire an méid atá á dhéanamh ag muintir Mhaigh Chromtha do seanspiorad na nGael, an fháilte a chuir siad roimh na daoine a tháinig ó i bhfad i gcéin. Tá a leithéid luaite sna scéalta Fiannaíochta. Tuigimid chomh maith an fháilte fhuar a cuireadh roimh ár muintir féin nuair a chuaigh siad ar imirce go Meiriceá agus Sasana. Tuigimid an rud bunúsach sin gur cheart go gcuirfí fáilte chroíúil roimh an té a thagann chugainn mar nach bhfuil aon rogha eile aige nó aici. Sin an rud ba mhaith linn féin agus nár bhfuaireamar i gcónaí.

Is pictiúr deas atá á léiriú ag an taipéis seo. Tá snáithí éagsúla ann. Má tharraingíonn tú iad is féidir go mbainfidh sé den bpictiúr iomlán, mar shampla, cén fath a bhfuil níos mó cearta ag daoine de shliocht Éireannach thar sáile ar phas Éireannach ná mar atá ag páiste le teifeach a saolaíodh ar an oileán seo ón am a bhí reifreann náireach ann in 2004, vóta a chruthaigh aicme d’Éireannaigh den dara grád?

Ní chuige sin atáim, áfach, ach chuig scéal na nuachtán áitiúil. Tá na scéalta áitiúla fite fuaite le scéalta móra an tsaoil ar bhealaí éagsúla ach gan na nuachtáin áitiúla, amhail Meon Eile agus The Corkman, ní bheadh na scéalta áitiúla sin á n-insint, ní bheadh fagtha ach meáin is cinnlínte ag tafann leo in ard a ngutha agus sinn go léir bodhar acu.

Tá fáilte chroíúil roimh an nGaeilge sa Corkman agus tá tús curtha agam le halt Gaeilge gach seachtain, An Colún Corcaíoch. B’fhéidir go bhfuil dóchas go fóill ann do phlean an Fhorais maidir le nuachtlitreacha sna nuachtáin áitiúla Ghaeltachta...

Faoin am seo is dócha go bhfuil an scéal uafáis is déanaí maidir leis an dT- Uachtarán nó an B-fhocal ag éileamh bhur n-airde agus bhur bhfeirge. Ní choimeádfaidh mé sibh, ach ná dearúdaigí bhúr nuachtán áitiúil. Tá scéalta eile sa saol seo.

Close
Close