Tá sé ag éirí níos deacra status quo an Tuaiscirt a chosaint

Ciarán Ó Pronntaigh

Taobh amuigh de straitéisithe Theach Uí Chonghaile is beag duine a thuar go mbeadh bua chomh suntasach sin ag Sinn Féin, Déardaoin. Ní hamháin go bhfuil an lámh in uachtar acu sna comhairlí traidisiúnta acu, tá ionadaíocht láidir acu in chóir a bheith gach comhairle eile, taobh amuigh den Dún Thuaidh. Tá deireadh leis na laethanta ar an imeall, gan aon agó.

Beidh daoine fós ann a deir go bhfuil an páirtí ag ithe níos mó den phióg náisiúnach ach níl sin fíor. Tá na páirtithe atá ar son Éire Nua anois chun cinn ar na páirtithe aontachtacha agus tá gach cosúlacht ar an scéal gur i méid a rachas an bhearna le himeacht ama. B’fhéidir nár tháinig gach aontachtaí amach i gceantair a bhfuil siad láidir iontu ach tá an leithscéal sin ag éirí cineál caite faoin am seo.

Níor chaill an DUP féin mórán vótaí agus beidh de cheart ag Jeffrey Donaldson a mhaíomh gur lean sé an straitéis cheart agus gur tugadh tacaíocht dó mar gheall uirthi. Go dtí pointe, tá an ceart aige ach san iomlán níl ach 27% ag an dá pháirtí atá ar son an bhaghcait ar Stormont. Sin beagán níos mó ná an ceathrú cuid de na daoine a chaith vóta Déardaoin ag cur bac ar an fheidhmeannas anseo ag am a bhfuil éifeacht na gciorruithe á léiriú, lá i ndiaidh lae.

Cad é an comhartha don todhchaí atá sna torthaí, mar sin? Tá ceist mhór anseo don aontachtas. Is léir faoin am seo go mbeidh vótaí daoine ón phobal náisiúnach de dhíth nuair a bheas reifreann ar an teorainn ann, má táimid le fanacht sa Ríocht Aontaithe. Shílfí go mbeadh leagan den aontachtas dearfach á chur chun cinn leis na daoine sin a mhealladh ach chúlaigh tacaíocht an UUP agus tá géarchéim sa pháirtí. An gheallúint atá againn ón DUP go leanfar den bhaghcat ar chomhroinnt cumhachta go dtí sásófar iad ar cheist an Phrótacail. Idir an dá linn, tá siad ag éascú ollchiorrú ar sheirbhísí atá de dhíth go géar ar dhaoine. Tá an tseirbhís sláinte is measa sna hoileáin seo againn anois agus níl go leor airgid ag scoileanna le híoc as na múinteoirí gan a bheith ag caint ar leabhair a cheannach ná an t-umar ola a líonadh.

Is dócha go mbeidh sé níos fusa ag Donaldson teacht ar ais san fheidhmeannas anois nó níl bagairt an TUV chomh contúirteach sin. Beidh duilleog fige de dhíth, ar ndóigh, rud éigin thart ar bhilliún punt, is cosúil, cé gur olc an mhaise do Rialtas na Breataine cúiteamh a thabhairt don pháirtí is cúis leis an leamhsháinn.

Níl sé míréasúnta an cheist faoi athaontú na tíre a ardú arís agus a iarraidh ar rialtas Bhaile Átha Cliath tús a chur le hullmhúcháin don am a mbeidh an reifreann teorann ann. Bhí sé spéisiúil gur i gceantair aontachtacha is mó a tháinig an méadú ar vóta Alliance agus gur beag an tionchar atá acu taobh thiar den Bhanna ná cois teorann. Léirigh an toghchán go bhfuil náisiúnaithe sásta leis an ionadaíocht a fhaigheann siad ó Shinn Féin, rud nach bhfuil fíor an oiread céanna i gcás na bpáirtithe aontachtacha.

Cé go raibh fearg ar náisiúnaithe faoi sheasamh an DUP gan ligean do Michelle O’Neill a bheith ina Céad-Aire, tá rud níos doimhne i gceist leis an athrú a chonaic muid ag an deireadh seachtaine. Bhí Sinn Féin in inmhe sárbhainistiú vótaí a chur i bhfeidhm agus níor cuireadh mórán vótaí amú áit ar bith. Níor tharla an vóta sin mar gheall ar fhearg nó frustrachas amháin. Léiríonn sé go bhfuil an páirtí sáite sa phobal agus go dtuigeann sé mian an phobail. Ní sneachta aon oíche é seo ach iarracht chomhfhiosach tógáil don am atá le teacht. Gach lá, beidh an cheist faoi athaontú na tíre á tógáil agus gach lá tá sé ag éirí níos deacra an status quo a chosaint.

Close
Close