"Tá Brexit ann, ba cheart glacadh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar"

Eoin Ó Murchú

Faoi dheireadh na seachtaine seo beidh an Bhreatain taobh amuigh den Aontas Eorpach. Ach beidh Sé Chontae Thuaisceart Éireann leath istigh is leath amuigh – mar gheall ar an gComhaontú um Tharraingt Siar a aontaíodh idir an Bhreatain agus an tAontas.

Go bunúsach coinníonn an socrú seo an Tuaisceart mar chuid den Aontas ó thaobh na heacnamaíochta de, trí tháillí agus caighdeáin a ailíniú leis an Deisceart agus, mar gheall air sin, leis an Aontas.

Ciallaíonn sé freisin go mbeidh rialú ag teastáil ó earraí ón Tuaisceart go dtí an Bhreatain féin. Maíonn na hAontachtóirí, agus roinnt eacnamaithe, go gcuirfeadh an chuid seo den Chomhaontú costaisí breise ar thrádáil idir an Tuaisceart agus an Bhreatain – a bheidh ina míbhuntáiste eacnamúil don Tuaisceart.

Agus, ar ndóigh, is ionann é go fírinneach agus teorainn eacnamaíochta a chruthú idir Éire ar fad agus an Bhreatain trí chéile. Ábhar eile míshásaimh do na páirtithe Aontachtacha.

Ach cén míniú atá ann don vóta sa Tionól i Stormont nuair a d’aontaigh na páirtithe go léir, Aontachtacha agus 'Náisiunacha', go raibh siad i gcoinne an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar – vóta a chiallaíonn go bhfuil na trí thionóil cineachta sa Bhreatain (in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart na hÉireann) in aghaidh an Chomhaontaithe agus pholasaí rialtas na Breataine.

Tá vóta na nAontachtóirí intuigthe, ach nach í an chéad cheim í i dtreo athaontú polaitiúil na hÉireann go bhfuil aontú eacnamúil bunúsach bainte amach?

Bhí an SDLP i gcónaí i bhfabhar na hEorpa, ach an é anois gur tábhachtaí do Shinn Féin fanacht san AE ar ais nó ar éigean ná poblacht neamhspleách a bhaint amach d’Éirinn ar fad?

Níos measa ámh, is seachmall amaideach é ceapadh go bhfuil an argóint faoi Bhreatimeacht ar siúl i gcónaí. Tá an scéal sin thart.

Tá an Bhreatain ag imeacht an tseachtain seo, is ní fiú iarracht ar bith a dhéanamh leanacht leis an argóint mar, níl aon rogha ar fáil ach imeacht na Ríochta Aontaithe gan mhargadh (a dheighlfidh muintir na Sé Chontae amach óna gcomh-náisiúnaithe ó dheas, a chuirfeadh scoilt leis na 26 Chontae Fiche i bhféidhm agus a threiseodh Aontacht an Tuaiscirt leis an mBreatain).

Is institiúid impiriúlach é an tAontas Eorpach a bhfuil mar aidhm aige saibhreas an domhain a chur faoina smacht. Sin é an fáth go bhfuil arm oifigiúil Eorpach ag teastáil uatha in ionad a bheith ag brath ar na Stáit Aontaithe le sciar den ghoid a thabhairt dóibh.

Is cóir go mbeadh muid uilig ar an airdeall i dtaobh an aistrithe seo i dtreo stáit fheidearálacha san Eoraip agus go háirithe i dtaobh na bpleananna míleata atá acu.

Ach in Éirinn, de thimpiste b’fhéidir, ach tá seans sa socrú an gaol eacnamúil idir Tuaisceart agus Deisceart a threisiú. Ba chóir duinn an deis sin a thapú in ionad a bheith ag seasamh an fhóid ar son na hEorpa.

Tá Aontachtóirí ann ar mhaith leo fanacht san AE ach níl aon ghluaiseacht mhór ann i measc Aontachtóirí gur choir dul isteach in Éirinn aontaithe ar mhaithe le fanacht san Aontas.

Agus ag deireadh thiar, is éard atá i gceist le hÉirinn aontaithe ná go mbeadh an pobal uilig, Caitlicigh, Protastúnaigh is eile, aontaithe ag obair le chéile is ag déanamh a gcinntí féin faoi na roghanna polaitiúla is eacnamúla atá romhainn.

Nach é sin a bhí i gceist acu siúd a d’éirigh amach in 1916 is a dtugann Sinn Féin ómós dóibh gach Cáisc?

Ar ndóigh tá leisce ar pholaiteóirí na bunaíochta sa Deisceart tabhairt faoi athaontú na hÉireann ar bhealach ar bith – agus Micheál Martin níos measa ná duine ar bith eile. Ach bheadh fíor-chomhoibriú eacnamúil ina chabhair mhór don iarracht le reifreann teorann a bhuachaint.

Air sin freisin, maidir leis na cainteanna faoin socrú trádála idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach, tá leas faoi leith ag Éirinn cinntiú go leanfar leis an trádáil sin, agus cén uirlis níos fearr ná comhthéacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus teorainn eacnamúil a bheith i Muir Éireann?

Gan dabht tabharfaidh athraithe déimeagrafacha móramh ar son athaontaithe luath nó mall ar aon chuma, ach is é an t-athaontu is fearr ná ceann a bhfeiceann an dá phobal ó thuaidh gur chun a leasna é.

Tá sé in am tosú ar an díospóireacht eacnamúil i gceart agus brionglóidí faoin Aontas Eorpach a fhágáil ar leataobh. Tá deis mhaith againn: tapaímis í.

Close
Close