Katie Saoidhbh McGreal
Tá mé i mo chónaí sa Spáinn le hos cionn bliana anois. Bhog mé anseo le líofacht a chur ar mo chuid Spáinnise. Tá ag éirí go maith liom agus, le linn na hama anseo, tá mé ag foghlaim cúpla rud faoi theanga a fhoghlaim go ginearálta.
Sa lá atá inniu ann, tá mol mór bealaí ann le cumarsáid a dhéanamh le duine, fiú muna labhraíonn tú an teanga s’acu. Tá aipeanna aistriúcháin, cluasáin is féidir leat a úsáid a dhéanfaidh aistriúchán duit, foclóirí ar líne, déanfaidh Google aistriúchán ó íomhánna go focail agus mar sin de. Is féidir leat, mar sin, brath ar na hacmhainní seo má bhíonn tú in áit nach bhfuil an teanga áitiúil agat.
Ní rud é sin a dhéanfainn féin. B’fhearr liomsa aithne a chur ar mhuintir na háite, rud nach féidir leat a dhéanamh le haipeanna. Ní thagann pearsantacht an duine tríd nuair a labhraíonn tú trí aip nó trí chluasáin, ach feicim deacracht eile leis na rudaí seo freisin. Ní bhíonn a fhios agat céard go díreach atá tú á rá nó an bhfuil do pointe á chur trasna agat i gceart.
Ghortaigh mé mo chos cúpla mí ó shin agus mé ag imirt badmantain. D’fhiafraigh an múinteoir díom i dtéacs cúpla lá ina dhiaidh conas a bhí ag éirí liom. Sheol mé téacs ar ais chuige agus mé ag iarraidh a rá leis go raibh mé ag déanamh ‘calf raises’, mar a ghlaoitear orthu i mBéarla, le mo chos a dhéanamh níos láidre. Ach níl an téarma ‘calf raises’ agam sa Spáinnis (nó sa Ghaeilge!) agus chuir mé ‘calf raise’ san aip aistriúcháin. Tháinig sé ar ais le téarma éigin, chóipeáil mé sin isteach go WhatsApp agus sheol mé an téacs gan smaoineamh air.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig an múinteoir ar ais chugam lena rá nár thuig mé an méid a dúirt mé ag an am. An rud a chuir an Spáinnis a scríobh mé in iúl ná go raibh mé “ag tógáil laonna”. Sa Bhéarla, ar ndóigh, tá an dá chiall sin ag ‘calf’: colpa agus lao.
Is rud é a mbíonn muid ag gáire faoi anois ach léirigh sé dom go soiléir nach féidir linn a bheith ag brath i gcónaí ar na gléasanna aistriúcháin srl. le teanga a labhairt. Tá go leor cainte ann na laethanta seo faoin intleacht shaorga agus tá sin le feiceáil go mór san earnáil foghlama teanga chomh maith. Ach is é an duine féin is fearr chuige. Is bealach cumarsáide é teanga - gach teanga - le gur féidir linn teagmháil a dhéanamh le daoine eile.
Ní féidir leis an intleacht shaorga samplaí saoil a thabhairt duit. Ní féidir leis tuairimí daonna a thabhairt duit ná míniú duit conas a bhíonn sé ag maireachtáil sa teanga atá á foghlaim agat. Níl sárú ar dhaoine agus tú ag foghlaim teanga.
Cinnte, tá maitheas ag baint leis an intleacht shaorga ach, chun teanga a fhoghlaim, is é an cur chuige is fearr ná léim isteach san eispéireas foghlama fíorshaoil.



