An cháinaisnéis: ábhar mór díomá do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Jack Mac Íomhair

D’fhógair Rialtas na hÉireann an cháinaisnéis an tseachtain seo caite agus ba ábhar mór díomá é do Ghaeilgeoirí ar fud na tíre.

In ainneoin na méaduithe atá i gceist le roinnt scéimeanna Gaeilge ón rialtas, ní leor é dar le cuid mhór grúpaí Gaeilge.

Mar chuid den cháinaisnéis, tá méadú ar airgead do Scéimeanna Gaeltachta, Pleanáil Teanga, agus Foras na Gaeilge.

Ach ní théann sé fada a dhóthain. Nuair a smaoinítear ar an drochbhail atá ar na Gaeltachtaí, an leor an t-airgead bídeach seo dóibh? Gan an t-airgead eile atá de dhíth don Ghaeilge i gceantair eile a lua ar ndóigh.

D’ardaigh Conradh na Gaeilge a míshástacht leis an cháinaisnéis, go háirithe an laghdú atá ar mhaoiniú caipitil do thionscadail sa Ghaeltacht.

Luaigh Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán an Chonartha, nach ionann méadú agus dul chun cinn.

“Mar shampla, cé go bhfuil méadú €1m le bheith ag Foras na Gaeilge in 2027, nuair a chuirtear boilsciú san áireamh le 20 bliain anuas, tá luach an airgid i mbuiséad an Fhorais fós 26% níos ísle ná mar a bhí sé in 2003.


“Agus tá an bhearna idir an méid airgid a fhaigheann An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge, a bhí dhá oiread go leith níos mó ná an Foras in 2003, anois seacht n-oiread níos mó ná an Foras.”

Cé go luaitear na ceannfhigiúirí seo sa cháinaisnéis agus iad ag trácht ar mhóreagraíochtaí nó mórthionscadal, is iad na grúpaí agus eagraíochtaí Gaeilge, agus cainteoirí Gaeilge iad féin, a bheas thíos leis an easpa dul chun cinn ó thaobh maoinithe de.

Dar ndóigh, baineann maoiniú an Fhorais le muintir na Sé Chontae fosta agus gan aon neart ag daoine ó thuaidh sa phróiseas polaitiúil ó dheas.

Má amharctar ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a cuireadh le chéile in 2010, tá roinnt rudaí luaite ann chun cur leis an líon Gaeilgeoirí sa tír. Ar a bharr sin, tá pointí luaite maidir leis an Ghaeltacht agus an dóigh a raibh an rialtas ag iarraidh líon na nGaeilgeoirí a ardú ann agus tacú leis an phleanáil teanga sa phobal.

Fágtar an cheist mar sin, cén dóigh a ndéanfar é sin mura bhfuil an tacaíocht chuí ar fáil ón rialtas?

Rud atá suimiúil faoin cháinaisnéis ná an €1bn atá á chur ar fáil acu do Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte go dtí 2035.

Rud suntasach faoi, taobh amuigh den mhéid mhór airgid atá curtha ar fáil, tá an tionscnamh le rith go dtí 2035.

Ciallaíonn sé sin gur féidir grúpaí atá páirteach ann obair straitéiseach a dhéanamh agus pleanáil a dhéanamh don todhchaí.

An t-aon rud atá ann don Ghaeilge ná go bhfuil muinín ag an Aire Gaeltachta Dara Calleary go mbeidh tuilleadh airgid ar fáil in 2028. Ach bhí dóchas ann i mbliana go dtabharfaidh an rialtas faoin Ghaeilge mar is ceart.

Is é a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:


“Gheall an tAire Gaeltachta anuraidh nach raibh san ardú €23m a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta do 2026 ach “an chéad chéim”. Bhí muid thar a bheith dóchasach mar sin, go dtiocfaidh ar a laghad an méid céanna sa bhreis i mbliana.”

Tá an obair ar an talamh ó thaobh na Gaeilge ag tarlú in ainneoin na heaspa tacaíochta ón rialtas, agus leanfaidh sé ar aghaidh. Ach cá huair a n-aithneoidh an rialtas go gcaithfear tabhairt faoi na fadhbanna maoinithe don Ghaeilge agus go gcaithfear plean uaillmhianach a chur i bhfeidhm do na Gaeltachtaí atá ag streachailt go mór? An gcaithfidh Gaeilgeoirí fanacht go dtí an chéad straitéis eile?

Is léir go n-aithníonn an rialtas an tábhacht a bhaineann le hobair thrasphobail agus thrasteorann trí Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte. Ach cén fáth nach n-amharcann sé ar an Ghaeilge mar chuid de sin fosta?

Léirigh de Spáinn na figiúirí loma a bhaineann leis an cháinaisnéis seo don Ghaeilge.

“Beidh an Rialtas ag caitheamh céatadán níos lú de mhór-chiste an Stáit in 2027 (0.16%) i gcomparáid le 2026 (0.17%). Is ionann sin agus céim siar in áit céim chun cinn. Níl sin sásúil. Níl sin dearfach.”

An t-aon mhothúchán a bheas ag pobal na Gaeilge agus an cháinaisnéis seo á scrúdú ná nach bhfuil ach béalghrá á thabhairt ag an rialtas don teanga, agus níl sé amharc ar an luach a bhaineann léi.

Close
Close