Comhairliúchán faoin 'diúltú bog' i leith an deonaithe orgáin

D’fhógair an tAire Sláinte, Robin Swann, go mbeidh comhairliúchán ann san fhómhar le córas ‘an diúltaithe bhoig' a chur i bhfeidhm maidir le deonú orgáin i dTuaisceart na hÉireann.

Ciallaíonn seo go n-áirítear achan duine fásta mar dheontóir ach amháin má chinn siad gan a n-ainm a chur ar an liosta sula bhfuair siad bás.

Labhair Máirtín Mac Gabhann, athair Dháithí, le Meon Eile faoin áthas atá orthu anois agus an chéad chéim seo tógtha ag Robin Swann agus an fhorbairt atá tagtha ar cheist an chórais deonacháin.

Níl ach 47% den daonra anseo cláraithe le horgán a dheonú. Dá n-athrófaí an córas rachadh sé chun tairbhe do Dháithí atá ar an liosta feithimh faoi choinne croí nua agus do na céadta daoine eile atá ag fánacht le horgán nua.

Cuireann Máirtín agus a pháirtí Seph Ní Mhealláin fáilte mhór roimh an scéala is déanaí seo agus is léir go raibh ról lárnach acu féin ann leis an fheachtasaíocht fhiúntach uilig atá déanta acu go dtí seo.

Close
Close