Scéal #misefosta Edel Ní Churraoin

Edel Ní Churraoin

An chéad seachtain de mhí Iúil. De ghnáth ag an am seo bliana bheadh formhór phobal an cheoil thraidisiúnta thíos i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir, nó ag iarraidh a bheith thíos ann, agus Scoil Samhraidh Willie Clancy faoi lán seoil. Samhradh lán ceoil, craic agus cairdis amach ós a gcomhair. Ár ndóigh, ní hamhlaidh atá i mbliana. É sin ráite, tá pobal an cheoil i ndiaidh tarraingt le cheile ar líne le ranganna, físeáin, ceolchoirmeacha, seisiúin fhíorúla, féilte agus go leor eile nach iad.

An seachtain seo caite, bhuail rabharta saol an cheoil thraidisiúnta ar líne, rabharta atá ag teacht le fada agus a lorg fágtha ar iliomad gnéithe eile dár saol: an ghluaiseacht #metoo. Le seachtain léigh mé scéalta fhuirseoirí ban na hÉireann, mná na n-ealaíon, agus ansin mná na Gaeilge. Borradh nua faoin bhfeachtas atá ar an mbóthar le 10 mbliana anuas. Ach níor rith sé liom scéal pearsanta a roinnt go poiblí ariamh. I bhfírinne, níor mhothaigh mé iomlán compordach ag labhairt faoi, bhí faitíos orm agus cé go ndéarna mé gach iarracht tacú leis an bhfeachtas mhothaigh mé go raibh daoine níos fearr ná mé chun tabhairt faoin dúshlan áirithe sin.

Ach ansin, chonaic mé scéal a bhain siar asam ar bhealach nár tharla ariamh cheana. Cailín óg 15 bliana d’aois a ndearnadh ionsaí gnéis uirthi ag féile cheoil thraidisiúnta. Scéal le cosúlachtaí le ceann atá agam féin. Ré a cheap mé a bheith caite ach atá go fóill beo beathach. Bhain an taom mothúcháin ionam siar asam. Theastaigh uaim tacú léi, comhghuallaíocht agus tuisint a léiriú agus a chur ina luí ar dhaoine gur fadhb leanúnach í seo, fadhb a gcaithfidh muid dul i ngleic leis.

Agus mé 15, ba é an ceol traidisiúnta bun agus barr mo shaoil. Chaith mé mo chuid ama ag éisteacht le ceol, ag seinnt ceoil agus ag freastal ar sheisiúin, ceolchoirmeacha agus féilte. Bhí an t-ádh dearg orm go raibh daoine den chéad scoth i mo cheantar a bhí sásta poirt, am agus comhairle a roinnt liom. Pobal cairdiúil, fláitiúil, fiáil. Pobal atá mar sin go fóill.

Ach bhí taobh eile den scéal, daoine a raibh orm fanacht amach uathu. Tráthnóna breá aoibhinn ag féile cheoil, bhuail mé le ceoltóir aitheanta, fear amach sna blianta. Stop mé le labhairt leis. Seo fear a casadh orm ag féilte roimhe, aithne ag gach duine air. Thosaigh sé ag magadh liom, “craic” nach raibh mé iomlán compordach leis, nár thuig mé ar go leor bealaí ach go raibh mé cleachtaithe go maith leis. Bhí gach duine eile ag gáire, mar sin, sin a rinne mé féin. Go tobann, tharraing sé mé ina threo agus bhrúigh sé mo lámha síos bristí an fhir óig a bhí seasta lena thaobh. Náire orainn beirt, gan bealach éalaithe againn agus faitíos mo chraicinn orm aon rud a dhéanamh. Gach duine fós ag gáire. Scaoil sé liom agus d’éalaigh mé gan tada a rá leis. Aoibh bhréagach an gháire fós greamaithe ar m’aghaidh.

Níor labhair mé le héinne, seachas cara a bhí liom, ar fháthanna éagsúla. Ní raibh tuiscint mar is ceart agam ar an rud a tharla. Shíl mé nach raibh sé ‘chomh’ dona sin mar gheall gur tharla sé in áit phoiblí agus go raibh daoine thart orainn. Shíl mé go raibh an locht ormsa. Shíl mé nach n-éisteodh aon duine liom mar gheall gur duine mór le rá é agus nach raibh ionam ach foghlaimeoir, ceoltóir óg gan stadas. Shíl mé nach mbeadh cead agam freastal ar sheisiúin a thuilleadh nó a bheith páirteach sa saol sin. Shíl mé go mbeadh daoine ag caint fúm. Rud nár rith liom ariamh ná nach ormsa a bheadh an aird ach air.

D’fhoghlaim mé ina dhiaidh gurb é duine de na daoine gur chóir duit fanacht amach uathu. Cúlchaint na mban, dúirt bean liom gur dhúirt bean léi, ár gcosaint féin gan clampar a dhéanamh. Ach an fhírinne lom ná ní oibríonn sin i gconaí. Glactar leis go bhfuil a fhios ag chuile dhuine faoin duine ‘sin’ nó duine ‘siúd’ ach déanta na fírinne, níl. I ndeireadh na dála, tugann an ciúnas cosaint dóibh siúd nach bhfuil sé tuillte acu.

Scríobh mé agus scrios mé an tvuít sin arís ‘s arís eile. Shábhail mé mar dhréacht é. Ann, dá mbeadh an fonn orm é a roinnt ag am eile. Ag 29 mbliana d’aois, bhí faitíos mo chraicinn orm. Na mothúcháin agus imní céanna orm blianta ina dhiadh. Ar deireadh, ag smaoineamh ar na daltaí óga ceoil atá agam féin, roinn mé é. Tá níos fearr tuillte acu, níos fearr tuillte againn ar fad.

Bhí iontas an domhain orm faoin bhfreagairt. An-oiread ban a rinne teagmháil liom, an-oiread scéalta acu. Gach aoisghrúpa, gach áit. Pobal nua ‘Mise Fosta’ bunaithe ar Instagram. Comhrá a bhí ag tarlú go ciúin ar feadh na mblianta anois ós comhair an tsaoil, ar gach uile ardán. Teachtaireacht láidir ó mhná an cheoil nach bhfuil muid sásta cur suas leis an iompar sin a thuilleadh. Níos sonraí fós, fir ag labhairt amach, ag tacú linn. Pobal ag teacht le chéile le teachtaireacht dóibh siúd a cheapann go bhfuil a leithéid d’iompar i gceart: tá bhur bport deireadh seinnte.

Baineann na cuimhní cinn is fearr atá agam le saol an cheoil thradisiúnta, is saibhre mo shaol dá bharr agus tá mé ag súil leis an lá a bheidh muid i dteannta a chéile arís. Briseann sé mo chroí go bhféadfadh duine an t-eispéireas sin a scriosadh an oiread sin ar dhuine eile go bhfágfadh siad saol an cheoil ina dhiaidh go hiomlán. Sin ráite, ná ligimís orainn féin go mbaineann seo le saol an cheoil amháin, nó saol na n-ealaíon fiú, seo fadhb a bhaineann leis an tsochaí i gcoitinne. Tá scéalta eile agam, againn ar fad i ndairíre, a bhaineann le gach cuid den saol. Tá sé orainn ar fad, fir, mná agus gach rud eatarthu, deireadh a chur lena leithéid i ngach uile áit.

Ní fhéadfainn a rá go fóill ar chabhraigh sé liom mo scéal féin a roinnt ach tá súil agam go gcabhróidh sé le duine éigin. Rud amháin atá cinnte ná go bhfuil aird air seo agus go dtuigeann daoine gur féidir linn a bheith níos fearr, gur ghá dúinn a bheith níos fearr. Déanta na fírinne, sin fáth amháin ar labhair mé amach. Tá neart fáthanna eile agam féin agus gach duine eile a labhair amach. Tá muid ag labhairt amach anois sa chaoi ‘s nach dtarlóidh sé d’éinne eile. Tá muid ag labhairt amach sa chaoi ‘s go dtuigfidh daoine go gcreidfear iad. Tá muid ag labhairt amach dóibh siúd nach féidir go fóill. Tá muid ag labhairt amach ar ár son féin, nach raibh in ann ag an am.

N.B. Leanaigí FairPlé agus MiseFosta. Ní Saoirse go Saoise na mBan.

Close
Close