Aistear Aclaíochta

Seán Ó Dubhchon

Ar an 17ú Lúnasa 2023, rinne mé cinneadh a chuir iontas ar go leor daoine, orm féin níos mó ná aon duine eile. D’fhreastail mé ar rang dornálaíochta agus níor bhreathnaigh mé siar ó shin.

Ní raibh mé riamh spórtúil mar dhuine. Is cuimhin liom go fóill an líonrith a thiocfadh orm i rith ranganna corpoideachais, ar an lá spóirt nó fiú sa chlós i rith am lóin. Ní raibh sé de chumas nádúrtha agam riamh a bheith go maith ag spórt, rud a lean mé agus mé ag fás aníos.  

Agus mé sna fichidí, bhain mé triail as spórt agus cineálacha aclaíochta difriúla. Thosaigh mé ag imirt sacair le foireann i mBaile Átha Cliath, dhírigh mé ar rásaí 10K a dhéanamh agus bhain mé triail as pleananna éagsúla i spórtlanna. Ach theip ar gach iarracht, ar chúiseanna éagsúla. Ní raibh mo chroí istigh sa mhéid a bhí á dhéanamh agam.

Sa bhaile i dTír Chonaill i rith laethanta saoire an tsamhraidh sa bhliain 2023 a bhí mé nuair a bhuail an smaoineamh mé gur chor dom iarraidh amháin eile a dhéanamh a bheith aclaí. Sular thosaigh mé ag dornálaíocht, bhí gnéithe áirithe de mo shaol bunoscionn. Beagnach gach oíche sa tseachtain, bhíodh sé de nós agam béilí ollmhóra le tabhairt leat a ithe. Leithscéal a bheadh ann i gcónaí, rud éigin blasta agus áisiúil a cheannach agus mé ag rith ó áit go háit, idir an post a bhí agam mar mhúinteoir bunscoile i rith an lae agus obair sna meáin a bhí ar siúl agam sna tráthnónta. Ach de réir a chéile, d’imigh gach rud as smacht.

Faoin am a ndearna mé an cinneadh tosú sa chlub dornálaíochta, bhí mé ocht gcloch déag go leith agus bhí tionchar uafásach diúltach aige seo ar mo shláinte. D'aithin mé go raibh mo chorp ar fad ag éirí stromptha agus nach raibh mé in ann gluaiseacht chomh nádúrtha agus chomh gasta agus ba chóir d'fhear sna tríochaidí a bheith in ann a dhéanamh. Mhothaigh mé nach raibh mé chomh haclaí agus chomh láidir is a bhí mé nuair a bhí mé níos óige, agus gur streachailt mhór a bhí ann rudaí bunúsacha fisiceacha a dhéanamh. Bhí drochbhail ar mo chraiceann agus ní raibh mé in ann codladh mar is ceart san oíche. Gnáthnós a bhí ann luí ansin go mall i ndorchadas na hoíche, ag éirí trína chéile faoi gach uile rud faoin spéir. D’aithin mé, i rith an tsamhraidh sin, go raibh mé in ísle brí agus go raibh géarghá le hathruithe móra.

Nuair a d’fhill mé ar Bhaile Átha Cliath, fuair mé de mhisneach freastal ar mo chéad rang dornálaíochta. Le roinnt míonna roimhe sin, bhí mé ag leanúint an chlub dornálaíochta FightR ar Instagram, agus bhí rud éigin speisialta faoin chlub áirithe sin a mheall isteach mé. Sheas sé amach go mór dom gur chuir siad béim ar leith ar chairdeas agus ar an phobal a bhí cruthaithe acu. Anuas air sin, d’fháiltigh siad go mór roimh dhaoine gan aon taithí ar an dornálaíocht, idir fir agus mhná. Ar aon nós, bheartaigh mé go gcaithfinn féin isteach sa bhearna bhaoil. Is féidir liom a rá gan bhréag nach ndearna mé cinneadh chomh maith leis riamh i mo shaol.

Ag an am sin, bhí an dornálaí Oilimpeach agus proifisiúnta Emmet Brennan; an seaimpín náisiúnta faoi shé, Jordan Moore; agus an t-iomaitheoir jú-jiotsú, Eric Pigott, ag reáchtáil ranganna i gClub Dornálaíochta Cheantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath. Is cuimhin liom go soiléir boladh na miotóg dornálaíochta agus an teas sa ghiom nuair a shiúil mé isteach ann den chéad uair. Bhí an áit lán ó chúl go doras, agus bhí eagla mo chraicinn orm. Ach níor ghá dom a bheith imníoch… baile as baile a bhí ann!

Láithreach bonn, sheas sé amach go mór dom gur thug na cóitseálaithe an méid is mó airde agus tacaíochta do na daoine is laige i ngach rang, rud a bhí go maith domsa, agus dhá chos chlé orm. Is cuma cé chomh mall is a bhí mé ag dul i dtaithí ar ghluaiseachtaí agus druileanna ag an tús, choimeád na cóitseálaithe orthu ag spreagadh agus ag tabhairt tacaíochta. Ó mo thaithí mar mhúinteoir scoile, ní dheachaigh sé amú orm go raibh scileanna, meon agus cur chuige eisceachtúil ag na cóitseálaithe, a mheall ar ais, arís agus arís, mé. Diaidh ar ndiaidh, agus buíochas mór le Dia, chuaigh mo chuid scileanna i bhfeabhas.

Nuair a thosaigh mé in FightR, bhí ceithre rang sa tseachtain a chur ar fáil acu. Taobh istigh de chúpla mí, bhí siad in áitreabh úrnua, agus tháinig méadú suntasach ar líon agus réimse na ranganna a bhí ar fáil: ranganna dornálaíochta; dornálaíocht ar na málaí, obair ar mhatáin an bhoilg, ranganna nirt agus aclú; teicníc dhornálaíochta, ranganna 1:1, speáráil, agus eile. De réir a chéile, bhí mé ag déanamh suas le dhá rang déag in aghaidh na seachtaine. Arís is arís eile, mheall an cúram, an mhionsonraíocht, an dearfacht agus an fháilte ó na cóitseálaithe ar ais go FightR mé i gcónaí.

Rud eile a sheas amach go mór dom ná an pobal láidir cairdiúil atá sa chlub. Tá na rannpháirtithe ar speictream leathan cumais, ó chúlraí agus aoiseanna éagsúla, le meascán measartha cothrom d'fhir agus mná. Is dlúthchairde muid a thugann spreagadh agus tacaíocht dá chéile, taobh istigh agus taobh amuigh den chlub. D’ainneoin an ratha agus an aitheantais ar fad atá faighte ag FightR go dtí seo, deir na cóitseálaithe go minic gurb é an pobal atá cruthaithe acu an ghné is tábhachtaí agus is saibhre den chlub.

Taobh istigh den chéad sé mhí, tháinig athrú suntasach orm, taobh istigh agus taobh amuigh. Ní hamháin gur chaill mé meáchain agus gur éirigh mé níos láidre agus níos aclaí, ach d’athraigh mo mheon go hiomlán. D’fhás m'fhéinmhuinín as cuimse, agus d’éirigh mé níos sásta agus níos socra ná mar a bhí mé riamh.

Ansin, gan aon choinne, tharla tubaiste!

Oíche amháin, ar mo bhealach abhaile ó cheardlann a thabhairt i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, d’aithin mé go raibh teocht ard agam agus pian uafásach ar thaobh na láimhe deise orm. Nuair a mhúscail mé an mhaidin dár gcionn, mhothaigh mé i bhfad níos fearr, agus chuaigh mé isteach ag obair. De réir a chéile, bhí crith ar mo chosa agus ar mo lámh, agus tháinig na pianta ar ais. Seoladh abhaile ón obair mé, agus ar mo bhealach trí Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath, rinne mé an cinneadh dul suas abhaile go Tír Chonaill. Taobh istigh de 36 uair, bhí mé san Aonad Ardspleáchais in Otharlann Leitir Ceanainn. Bhí mo stéig mhór tar éis réabadh mar gheall ar riocht sláinte a bhí orm cheana, agus bhí ionfhabhtú ag dul trí mo chorp ar fad. Taobh istigh de dhá lá, bhí an ráta ionfhabhtaithe imithe as smacht. Idir dhá cheann na meá a bhí rudaí ar feadh tamall fada. Chaith mé coicís san otharlann agus mí eile sa bhaile sular fhill mé ar an obair. Sular fhág mé an otharlann, dúirt duine de na máinlianna liom nár thuig sé conas a tháinig mé slán, ach gur thug an aclaíocht agus dea-nósanna sláinte nua an neart dom theacht tríd.

Ó shin ar aghaidh, tá mo shláinte ríthábhachtach dom, agus bhí mé ar bís dul ar ais ag traenáil. Aistear fada a bhí ann, ag tosú le rang nó dhó sa tseachtain, agus ag cur leis de réir a chéile. Ó thaobh na gcóitseálaithe de, rinne siad a ndualgas agus níos mó ná sin, le cabhrú liom filleadh ar mo sheanléim arís. Ghlac sé tamall ach d’éirigh liom sa deireadh thiar.

Trí mhí tar éis dom filleadh ar an gclub, rinne mé cinneadh eile a bhain geit as daoine. Bheartaigh mé mo chéad troid a dhéanamh os comhar slua! Bhí FightR ag reáchtáil oíche mhór dhornálaíochta ina mbeadh deis ag baill an chlub troid os comhar slua. A leithéid de smaoineamh craiceáilte a bhí ann, ach táim chomh sásta go ndearna mé é.

Oíche fhíorspeisialta a bhí ann nach ndéanfaidh mé dearmad air go deo. Ar nós gach rud eile a dhéanann FightR, ba thaibhseach an taispeántas é agus níor spáráil siad dua ar bith orthu féin leis an chur i láthair. Bhí sé de phribhléid agam troid in éadan Conallach breá eile ó mo bhaile fearainn féin, Colm Ó Donnchadh. I ndiaidh dúinn an troid a dhéanamh, agus comhscór a fháil, rinne muid ar an bheár leis an éacht a cheiliúradh, de réir mar a bhíonn rudaí i gclub atá chomh fáilteach le FightR. Dá ndearfadh duine liom fiú dhá bhliain ó shin go rachainn isteach san fháinne, ní chreidfinn iad. Ach anois, tá sé mar cheann de bhuaicphointí móra mo shaoil go dtí seo.

Ní stopann an obair riamh in FightR. Táim tar éis tosú ar thraenáil meáchain le roinnt míonna anuas, agus cuireann sé iontas orm go bhfuil ag éirí liom mar atá. Dhá rang déag nó mar sin a dhéanaim sa tseachtain agus ní raibh lá ar bith go dtí seo nach raibh fonn orm freastal ar rang. Ar deireadh, d’éirigh liom cúig chloch mheáchain a chailleadh, agus níorbh fhada gur stop mé ag tabhairt airde ar na scálaí, mé dírithe anois ar cé chomh sciliúil is atá mo chuid dornálaíochta, cé chomh trom is atá na meáchain, agus cé chomh tapa agus láidir is atáim i ranganna aclaíochta.

De bharr cinneadh amháin a rinne mé dhá bhliain ó shin, tá mo shaol tar éis athrú go hiomlán, agus tá sé níos saibhre dá bharr. Aithním an fhorbairt i mo neart agus i mo ghluaiseacht; i mo chuid fuinnimh agus mo chuid codlata; agus sa mheon agus giúmar níos dearfaí atá agam nuair atá an traenáil á déanamh agam.

Níos tábhachtaí ná aon rud, mothaím go bhfuilim mar chuid de phobal, pobal atá dlúth, spreagúil agus a thugann aire dá chéile. Ar aistear atáimid ar fad, agus níl ann ach an tús go fóill!

Close
Close